Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Turnamh Bhéil

1. Tá Béil ar a ghlúine! Tá Neabó tar éis cúbadh chuige féin!Tá a n‑íola ar dhroim ainmhithe agus beithígh iompair,ina n‑ualach anuas ar bheithígh thraochta.

2. Cúbann siad agus cromann siad uile;gan ar a n‑acmhainn a lucht iompair féin a shábháil,ag imeacht mar aon leo i mbraighdeanas iad féin.

3. “Éistigí liom, a theaghlach Iacóib,a iarmhair uile de theaghlach Iosrael!sibhse a bhí ar iompar agam ó saolaíodh sibh,a bhí mar chúram agam ó bhroinn na máthar i leith.

4. Go dtí bhur seanaois beidh mise mar atá mé,agus go liatha bhur gceann beidh mise i mo thaca agaibh.Is é a rinne mé cheana nuair a d'iompair mé sibh;beidh mé mar thaca agaibh agus mar fhuascailt.”

Níl leithéid an Tiarna ann

5. Cé leis a gcuirfidh sibh i gcomparáid agus i gcóimheas mé,cé leis a gcuirfidh sibh mé i gcomórtas agus i gcosúlacht?

6. Tá dream ann a dhoirteann ór go fial as a sparánagus meánn siad airgead ar an ainsiléad.Fostaíonn siad orcheard chun dia a dhéanamh dóibhsléachtann siad síos agus tugann adhradh dó!

7. Tógann siad suas ar a nguaillí agus iompraíonn siad é,cuireann siad é san ionad ar dual dó seasamh ann.As an ionad ina bhfuil sé ní féidir leis bogadh.An té a ghlaonn air, ní thugann sé freagra dó,óna thrioblóid ní fhéadann sé a shábháil.

Tá an Tiarna ina Mháistir ar a bhfuil Romhainn

8. Meabhraígí sin, a lucht an éirí in airde,déanaigí machnamh air agus tagaigí ar bhur gciall;

9. cuimhnigí ar rudaí atá thart le fada an lá.Is mise Dia agus níl m'athrach annis mise Dia agus níl mo leithéid eile ar fáil!

10. Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann,foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill!Deirim: Déanfar mar a bheartaímagus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.

11. Scairtim ar éan creiche anoir,ar fhear na cinniúna as tír i gcéin.Ní luaithe ráite ná déanta é!Ní luaithe beartaithe ná curtha i gcrích!

12. Éistigí liom, sibhse atá ag cailleadh misnighagus ar fada libh an bua gan teacht.

13. Tá mo bhua á thabhairt i ngar agam, ní fada uaibh é,ní bheidh moill ar mo shlánú.Deonóidh mé an slánú i Síón,ar mhaithe le hIosrael mo ghlóir!