Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Olagón ar Mhóáb

1. Fáistine i dtaobh Mhóáb.An oíche a ndearnadh creach ar Ár,fágadh Móáb ina thost;an oíche ar creachadh Cír,fágadh Móáb ina thost.

2. Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón,suas ar na hardáin chun caoineadh;ar Neabó agus i Maedabátá Móáb ag olagón.Tá gach cloigeann bearrtha,gach féasóg lomtha;

3. sna sráideanna tá éadach róin orthu,agus ar bharr na dtithe táthar ag caoineadh.Sna cearnóga tá gach aon ag olagónagus an gol ag briseadh orthu.

4. Tá Heisbeon agus Eileálae ag éagaoin,chomh fada le Iahaz tá siad le cloisint.Is uime sin atá corróga Mhóáb ar crith,agus a anam ag creathnú.

5. Tá mo chroí ag éagaoin ar son Mhóáb,agus a uaisle ar teicheadh fad le Zoar.Och! fána Lúichít suasatá a dtriall agus iad ag caoineadh.Ar bhealach Horonáímtá siad ag gol go coscarthach.

6. Och! uiscí Nimrím,is sceirdiúil an áit í;tá an féar feoite, an scraith ghlas seargtha,lusra níl ann níos mó.

7. Is é sin an fáth a bhfuil a soláthar déantaagus a bhfuil a maoin á hiompar acuthar Sruthán na Saileach anonn.

8. Och! déanann an liúireach cuairt chríoch Mhóáb;fhad le hEaglaím tá a uailleach le cloisint,a uailleach fad le Béar Éilím.

9. Och! tá uiscí Dhímeon ina dtuilte fola;ach tá tubaistí le teacht fós ar Dhímeon,leon ar fhuíoll air Mhóábagus ar iarmhar na tíre sin.