Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 48 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Tiarna ina Mháistir

1. Éistigí leis seo, a theaghlach Iacóib,ar a dtugtar ainm Iosraelagus a tháinig ó fhréamh Iúdá;sibhse a mhionnaíonn dar ainm an Tiarnaagus a tharraingíonn anuas Dia Iosraelgan dea-rún gan fíréantacht.

2. Óir ainmníonn sibh sibh féin as an chathair bheannaitheagus ligeann sibh bhur dtaca le Dia Iosraelarb é Tiarna na Slua is ainm dó.

3. Na rudaí a tharla, bhí siad foilsithe agam fadó,bhí siad imithe amach as mo bhéal agus fógraithe;leis sin rinne mé beart agus tháinig siad i gcrích.

4. Óir bhí fhios agam go raibh tú ceanndána;is geall le féithleog iarainn do mhuineál,agus tá clár d'éadain ina phrás.

5. Is uime sin a d'fhoilsigh mé rudaí duit roimh ré;sula dtarlódh siad, d'fhógair mé duit iad,ionas nach mbeifeá á rá: “M'íol is é a rinne iad;mo dhealbh shnoite, mo dhealbh leáite a d'ordaigh!”

6. Chuala tú agus chonaic tú sin go léir anois,nach bhfuil sé chomh maith agat é a admháil?Anois tá mé chun rudaí nua a fhoilsiú duit,rudaí folaithe nárbh eol duit,

7. a cruthaíodh anois beag,nár chuala tú caint orthu go dtí seo,nach féidir leat á rá fúthu: “Ar ndóigh, bhí a fhios agam sin.”

8. Níor chuala tú trácht riamh orthu,níorbh eol duit iad,ní raibh do chluas oscailte agam dóibh roimh ré.Óir bhí a fhios agam an feall atá ionat,agus clú na ceannairce a bheith ort ón mbroinn.

9. Ar son m'ainm chuirinn m'fhearg ar cairde,ar mhaithe le mo chlú choinninn srian léi agus ní bhrisinn thú.

10. Is amhlaidh a chuir mé an tine leat, ar nós airgid;chuir mé féachaint ort i bhfoirnéis na buartha.

11. Ar mo shon féin amháin is ea dhéanaim é,óir cén chaoi a mbeadh m'ainm á thruailliú?Ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile.

Gnaoi an Tiarna ar Chíoras

12. Éist liom, a Iacóib,a Iosrael, ós ortsa a ghlaoigh mé:Is mise an túsagus is mise fós an deireadh.

13. Mo lámh is í a bhunaigh an talamh,mo dheaslámh a scar amach na spéartha.Ach mé a ghlaoch orthu,éiríonn siad aniar chugam in éineacht.

14. Bailigí go léir le chéile agus éistigí;cé acu a d'inis na rudaí seo roimh ré?“Déanfaidh fear mo pháirte rud ormi gcoinne na Bablóine agus sliocht na gCaildéach.”

15. Mise mé féin a labhair agus a ghlaoigh air,a thug ann é agus a chuir rath ar a bheart.

16. Gabhaigí i leith chugam go gcloise sibh an méid seo:“Ón tús níor labhair mé libh faoi choim,agus ón am a tharla seo tá mise ann.”- “Agus anois tá an Tiarna Dia tar éis mé a chur uaidh,mar aon lena spiorad.”

A raibh leagtha amach ag an Tiarna d'Iosrael

17. Seo mar a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, Neach Naofa Iosrael:Is mise, an Tiarna do Dhia, a thugann teagasc do leasa duit,is mé a threoraíonn thú sa treo is dual duit.

18. Och, dá mba gur thug tú aire do m'aitheanta!Ar nós abhann is ea a bheadh do shonasagus an rath ba dhual duit ar nós tonnta na farraige!

19. Mar an ngaineamh is ea bheadh do shliochtagus bheadh clann do bhroinne chomh tiubh lena ghráinní!Choíche go deo ní bheadh d'ainm stoite scriosta os mo chomhair.

D'uair an imeachta as an mBablóin

20. Amach libh as an mBablóin! Greadaigí chun siúil ó na Caildéigh!Le gártha áthais foilsigí, fógraígí an scéala;craolaigí é go críocha na talún.Abraigí: Tá an Tiarna tar éis a ghiolla Iacób a fhuascailt!

21. Ní raibh tart orthu agus iad á gcinnireacht tríd an bhfásach aige;chuir sé uisce ag scairdeadh as an gcarraig dóibh,scoilt sé an charraig agus bhrúcht an t‑uisce amach aisti.

22. “Níl síocháin ar bith,” a deir an Tiarna, “i ndán do choirpigh.”