Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

I dtaobh na Damaisce

1. Fáistine i gcoinne na Damaisce.Tá an Damaisc chun scor mar chathair,ní bheidh ann ach carnán fothrach.

2. Beidh a cuid bailte tréigthe go deo,agus tréada ag iníor ina n‑áit;luífidh siad síos iontu gan duine lena ruaigeadh.

3. Tá Eafráim ag dul a dhúnphort a chailliúint,agus an Damaisc a réimeas;caithfear le fuílleach Arámmar a chaithfear le glóir chlann Iosrael.Briathar Thiarna na Slua.

4. Sa lá sin beidh claochlú ar ghlóir Iacóib;beidh a shaill go trua tairteolach.

5. Amhail nuair a tharraingíonn an buanaí gabháil den arbhar chuige,agus go mbaineann a lámh na diasa;amhail nuair a bhíonn na ceannóga á gcnuasach i ngleann Rafáím.

6. Níl fágtha ach an cnuasach;amhail nuair a bhuailtear crann olóige,a dó nó a trí de chaora fágtha ar a bharr,a ceathair nó a cúig ar ghéaga an chrainn.Briathar an Tiarna, Dia Iosrael.

7. Sa lá sin breathnóidh an duine ar a Chruthaitheoir agus casfaidh a shúile i dtreo Neach Naofa Iosrael.

8. Ní bhreathnóidh sé níos mó i leith na n‑altóirí, déantús a lámh féin, ná ní amharcfaidh ar an rud a rinne a mhéara féin, na cuaillí coisricthe agus galláin na gréine.

In Éadan Gairdíní Adóinis

9. Sa lá sin, beidh do bhailte tréigthemar a bhí bailte mhuintir [Amór agus Hiv,]a fágadh nuair a bhí clann Iosrael ag teacht.Díthreabh a bheidh iontu,

10. mar go ndearna tú dearmad ar Dhia do shlánaithe,agus nár choinnigh tú cuimhne ar Charraig do nirt.Óir plandaíonn tú plandáil in onóir d'Adóinis,cuireann tú slapair de chuid na coigríche inti;

11. an lá a gcuireann tú iad, bíonn siad ag geamhrú agat,agus le teacht na maidine bíonn bláth ar do churadóireacht;ach beidh an fómhar millte lá an léin,agus an phian gan leigheas.

Rabharta na gCiníocha

12. Och: búiríl na sluaite ollmhóra,búiríl mar a bheadh búiríl na mórmhara,tuargaint na náisiún ag tuargaintmar a bheadh tuargaint an lán mara.

13. Bagraíonn sé orthu,scinneann siad i bhfad ar shiúl láithreach,á siabadh mar lochán i mbéal na gaoithe ar na harda,mar a bheadh sí gaoithe i mbéal na stoirme.

14. Um thráthnóna, scéin ar fad;roimh mhaidin níl siad ann níos mó.Is í seo cinniúint ár gcreachadóirí,is é is dán don dream a rinne slad orainn.