Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 57 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Téann an fíréan in éagagus ní mheabhraíonn aon duine ina chroí é.Tógtar lucht na caoindúthrachta ar shiúlgan duine ar bith a thabhairt aird air.

2. Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúlach isteach sa tsíocháin a théann sé.Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach,iad siúd a shiúil bealach na córa.

3. Ach tagaigí sibhse i leith anseo, a chlann na caillí feasa,a phór an adhaltranaigh agus na striapaí.

4. Cé faoi atá sibh ag fonóid, cé faoi an clab sin oraibh,agus cé chuige a shánn sibh amach bhur dteanga?Síol an pheaca atá ionaibhagus pór na mbréag!

5. Sibhse a dhéanann drúis faoi na crainn teiribinte,faoi gach crann glasag íobairt páistí sna haltáin sléibhe,i scealpacha na gcarraig!

Tairngire in aghaidh na nÍol

6. Clocha snoite na n‑altán, sin iad do chuibhreann,is iad, is iad do chuid.Ar a son siúd a dhoirteann tú deochanna ofrála,chucusan a thugann tú ofrálacha bia.An bhfuil sásamh le fáil agam ina leithéid?

7. Ar shliabh mór ardatá do leaba cóirithe agat.Is ann freisin a chuaigh tú suasa dhéanamh do chuid íobairtí.

8. Ar chúl an dorais agus na hursanis ea a chuir tú do chloch chuimhne in airde.D'imigh tú uaim agus bhain tú díot,chuaigh tú ar an leaba fhairsing a bhí cóirithe agat.Tá conradh déanta agat leo siúdar mhór leat a leaba,ag síorstriapachas leoagus do shúile ar an dia bréige.

9. Chuir tú maise ort féin le hola ar son Mhoilic,ag stealladh cumhrán ort féin;chuir tú do theachtairí i bhfad i gcéin,chuir tú iad síos go Seól fiú.

10. Tuirseach is mar bhí tú leis an bhfánaíocht ar fad,níor dhúirt tú: “Tá mé ag éirí as.”Fuair tú neart agus urra as an nua,mar sin níl tú tuirseach fós.

11. Cé a chuir an eagla agus an t‑uamhan ortgur shéan tú mé,go ndearna tú dearmad ormagus nár choinnigh tú áit i do chroí dom?Ach mise, an ea nár fhan mé i mo thost, nár dhún mé mo shúile?Mar sin níl eagla ort romhamsa.

12. Ach anois tá mé chun an fhíréantacht seo agat a léiriú go hoscailte,agus do ghnóthaí gan rath.

13. Nuair a screadann tú, sábháladh do dhéithe bréige gránna thú!Cartfar ar shiúl leis an ngaoth an t‑iomlán acu,siabfaidh anáil ar shiúl iad.Ach an té a chuireann a iontaoibh ionamsa, gheabhaidh sé an tír mar oidhreacht,agus beidh seilbh aige ar mo shliabh beannaithe.

Dán Sóláis

14. Agus cloisfear glór á rá:Tógaigí suas tóchar agus réitigí an bealach,glanaigí gach constaic as cosán mo mhuintire

15. Óir is mar seo a deir an Té is airde,a bhfuil a chónaí sa tsíoraíochtagus a bhfuil a ainm naofa:“Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa,agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad,chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle,chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.

16. Óir ní bheidh mé ag sárú oraibh i gcónaí,agus ní bheidh fearg á cothú istigh agam i dtólamh;mar sa tslí sin mheathfadh romham an bheatha féinagus gach dúil bheo dá ndearna mé.

17. Coiriúlacht agus bradaíl Iosrael a chuir fearg orm seal;cheil mé mo ghnúis air agus bhuail mé le teann feirge.D'imigh sé leis fiáin sna bealaí a b'áil lena chroí;

18. chonaic mé féin iad na bealaí céanna.Ach leigheasfaidh mé é agus tabharfaidh mé sólás dó;líonfaidh mé le suaimhneas é,é féin agus lucht a chaointe,

19. á dhéanamh sin le briathra mo bheola:Síocháin! Síocháin don uile dhuine, i bhfad agus i ngar!a deir an Tiarna. Sea go deimhin, tá mé chun tú a leigheas.”

20. Ach tá lucht na hurchóide ar nós farraige suaite,farraige nach féidir di bheith ciúin,a mbíonn a tonnta ag caitheamh suas salachair agus láibe.

21. “Níl síocháin i ndán,” a deir mo Dhia, “do lucht na hurchóide.”