Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An lá sin, smachtóidh an Tiarnalena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir,Leiviatan, an nathair éalaitheach,Leiviatan, an nathair lúbarnach:maróidh sé dragan na farraige.

Fíniúin an Tiarna

2. An lá sin, canaigí an fíonghort taitneamhach!

3. Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air;bím de shíor ag coinneáil uisce leisar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr;de lá agus d'oíche bím á chaomhnú.

4. Fearg níl orm a thuilleadh!Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann,cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir!

5. Sin nó cead acu dul ar mo choimirceagus síocháin a dhéanamh liom.Is mairg nach ndéanann siad síocháin liom!

Trócaire agus Pionós

6. Sna laethe atá le teacht cuirfidh Iacób péacáin amach,tiocfaidh bláth agus toradh ar Iosrael;líonfaidh sé aghaidh na talún le torthaí.

7. An é gur leadhb Dia é mar a leadhb sé lucht a leadhbtha?Ar bhásaigh é mar a bhásaigh sé lucht a bhásaithe?

8. Chuir tú smacht air, á thiomáint amach agus á dhíbirt;chuir sé an ruaig air lena anáil bhorb, mar bheadh an ghaoth anoir ann.

9. Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóibagus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca:go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léirmar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear.Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh

10. óir tá an chathair dhaingean ina fásach,tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann.Is ann a thagann an tréad ag iníor,is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha.

11. Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad;tagann mná agus lasann siad an tine leo.Óir is pobal é seo atá gan tuiscint,mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh;an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh.

Fáistine

12. An lá sin, déanfaidh an Tiarna an grán a bhualadhó shruth na hAbhann go caise na hÉigipte,agus baileofar sibh aon ar aon, a chlann Iosrael.

13. An lá sin, séidfear an stoc móragus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíreagus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte,agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim.