Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Urnaí Altaithe

1. A Thiarna, is tú mo Dhia;móraim thú agus ceiliúraim d'ainm;mar chuir tú do bheartaíocht iontach i gcrích,comhairle ar cinneadh uirthi fadó riamh,chuir go fíréanta agus go fírinneach.

2. Óir d'fhág tú cathracha ina gcarnáin chlochagus bailte poirt ina gconamar.Ní baile é feasta dúnfort na ndíomasach,ní dhéanfar a atógáil arís go deo.

3. Is uime sin a thugann an cine borb seo glóir duit;uime sin atá eagla ar chathracha na náisiún danartha romhat.

4. Mar is tearmann thú don dearóil,tearmann don dealbh in am a ghátair;dídean ón stoirm agus scáth ón teas,mar is cosúil confa na mborb le doineann gheimhridh.

5. Mar a bheadh spalladh triomaigh ar an bhfásach,ceansóidh tú gleo lucht an díomais;mar a mhúchtar an teas faoi scáth scamaill,cuirfear ceol na mborb ina thost.

Fleá Dheireadh Aimsire

6. Ullmhóidh Tiarna na Sluaar an sliabh seo le haghaidh na gciníocha go léircóisir saille, cóisir do rogha na bhfíonta,de smior na saille, de thogha agus de rogha na bhfíonta;

7. agus tógfaidh sé ar shiúl an chaille bhróina bhí ag clúdach na gciníocha go léir,agus an eisléine a bhí ag folach na náisiún uile;

8. cuirfidh sé an bás ar ceal go deo.Triomóidh Dia na deora de na gnúiseanna go léir;tógfaidh sé an milleán dá phobal agus den domhan uile;óir is é an Tiarna a dúirt é.

9. Déarfar an lá sin: “Breathnaígí, is é ár nDia é,a raibh muid ag dréim le slánú uaidh;is é an Tiarna é, a raibh muid ag dréim leis.Déanaimid gairdeas agus lúcháir mar gur shlánaigh sé sinn”;

10. óir tá lámh an Tiarna ag lonnú ar an sliabh seo.Tá Móáb á shatailt síos ina áit féin,mar a shatlaítear cochán síos i gclais aoiligh;

11. agus síneann sé amach a lámha ansin,mar a shíneann snámhadóir amach iad chun snámha.Ach tugann an Tiarna béim síos dá uabharle gach bang dá ndéanann sé.

12. Do bhábhúin arda uaibhreachascriosann sé iad, leagann sé iad,caitheann sé síos iad sa láib.