Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ceart an Rí

1. Is é an ceart is bun le ríogacht an ríagus an chóir le flaitheas na bhflatha;

2. is cosúil gach aon acu le foscadh ón ngaoth, le fothain ón anfa,amhail srutháin uisce i dtalamh tirim,amhail fuarthan carraige móire i bhfearann spallta.

3. Ní bheidh sram ansin ar na súile a fheiceann,beidh na cluasa a chloiseann ar bior,

4. beidh croí lucht luathintinne ag cleachtadh críonnachtaagus teanga na dtrudairí ag labhairt go héasca agus go soiléir;

5. ní thabharfar uasal feasta ar an amadán,ná ní bheidh clú na cneastachta ar an gcaimiléirí.

Ní ionann don Amadán agus don Uasal

6. Óir bíonn an t‑amadán ag stealladh amaidíagus a chroí ag meabhrú an oilc,chun an urchóid a chur i gcrích,chun labhairt go hiomrallach faoin Tiarna,chun an t‑ocrach a fhágáil agus a bholg folamhagus deoch a dhiúltú don té a bhfuil tart air.

7. Maidir leis an gcaimiléirí, tá a chaimiléireacht mallaithe;bíonn sé ag ceapadh seifteanna chun na bochtáin a mhilleadh le bréaga,fiú agus an ceart ag cúis na ndearóile;

8. ach an té atá uasal, is uasal dá bhearta,agus an rud uasal, is é á chuireann sé i bhfeidhm.

Do Mhná Sócúlacha

9. A mhná an tsócúil, bígí in bhur seasamh,éistigí le mo ghlór;a iníonacha na rómhuiníne,tugaigí cluas do mo chaint!

10. I gcionn bliana agus corradhbeidh sibh ar crith, a mhná na rómhuiníne,óir meathfaidh barr na fíniúna;fómhar ní bheidh ann ar aon chor.

11. Bígí ar crith, a mhná an tsócúil,bíodh buaireamh oraibhse atá rómhuiníneach;bainigí díbh, nochtaigí sibh féin,fáiscigí suas bhur gcóitiní oraibh!

12. Buailigí bhur n‑uchti ndiaidh na dtailte taitneamhacha,i ndiaidh na fíniúna a bhí torthúil,

13. i ndiaidh dúiche mo mhuintiremar a bhfuil sceacha agus driseacha ag fás,i ndiaidh gach teach a raibh lúcháir annsa chathair chaithréimeach.

14. Óir tá an pálás tréigthe,agus torann an bhaile ina thost;beidh cnoc Oifil agus an Port Mórina bpluaiseanna go deo,réimse macnais do na hasail allta,féarach na dtréad.

Slánú ón Tiarna

15. Doirtfear orainn as an nuaan Spiorad ón aird thuas;déanfar gairdín den fhásach ansinagus fásfaidh an gairdín ina choill chraobhach.

16. Beidh an ceart ag lonnú san fhásach,agus an gairdín ina áit chónaithe ag an gcóir;

17. an tsíocháin a bheidh mar thoradh ar an gcóir,agus is é is tairbhe don cheart suaimhneas agus sábháilteacht go deo.

18. Lonnóidh mo phobal in áitreabh síochána,i dtithe iontaofa, in ionaid chónaithe shócúlacha,

19. - leagfar an choill agus tabharfar béim síos don chathair.

20. Is méanar daoibh ansin agus sibh ag cur síl le hais gach srutháin,agus an damh agus an t‑asal a scaoileadh agaibh saor amach.