Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51
  52. 52
  53. 53
  54. 54
  55. 55
  56. 56
  57. 57
  58. 58
  59. 59
  60. 60
  61. 61
  62. 62
  63. 63
  64. 64
  65. 65
  66. 66

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Íseáia 19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

I gCoinne na hÉigipte

1. Fáistine i gcoinne na hÉigipte.Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall;chun na hÉigipte atá a thriall.Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe,tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.

2. Dreasóidh mé na hÉigiptigh in éadan a chéile,beidh siad ag troid bráthair in aghaidh bráthar,cara in aghaidh carad, baile in aghaidh baile,ríocht in aghaidh ríochta.

3. Beidh mearbhall ar an Éigipt,mar cuirfidh mé a gcomhairle trí chéile;beidh siad ag lorg faisnéise ó dhéithe bréige agus ó dhraoithe,ó lucht feasa agus asarlaíochta.

4. Tá mé chun an Éigipt a thabhairtisteach i lámha aintiarna,agus beidh réimeas ag rí danartha orthu.Seo é briathar Thiarna Dia na Slua.

5. Rachaidh uiscí na mara i ndísc,beidh an abhainn spalptha tirim,

6. beidh boladh bréan ó na díogacha,agus srutháin na Níle ag titim agus ag triomú.Seargfaidh na feagacha agus na giolcacha,

7. agus gach a bhfásann ar bhruacha na Níle.Críonfaidh plandaí na Níle go léir,siabfar ar shiúl agus ní fheicfear iad níos mó.

8. Beidh na hiascairí ag mairgneachagus lucht caite duan sa Níl ag caoineadh;lucht spréite eangacha ar an uisce,beidh siad ag olagón.

9. Bainfear siar as lucht saothraithe an lín,as lucht cardála fós agus lucht fite an éadaigh bháin.

10. Beidh alltacht ar na sníomhadóiríagus beaguchtach ar lucht ceirde ar fad.

11. Amadáin chríochnaithe iad, prionsaí Zoan;na comhairleoirí is críonna atá ag Forann, tá siad dobhránta.Conas a leomhann sibh a rá le Forann:“Dalta de chuid na saoithe is ea mise,de shliocht na seanríthe anallód”?

12. Cá bhfuil siad, na saoithe seo agaibh?Amach leo anois agus léiríodh siad duita bhfuil socraithe ag Tiarna na Sluaa bhfuil i ndán aige don Éigipt.

13. Amadáin iad prionsaí Zoan;tá prionsaí Nof á mealladh féin.Tá an Éigipt ar seachrán acu,ag ceannairí seo a cuid cúigí.

14. Chuir an Tiarna isteach iontumeadhrán agus mearbhall intinne.Tá an Éigipt ag tuisleadh acu i ngach rud a dhéanann sí,mar a bheadh fear meisce ag tuisleadh ina chuid orla.

15. Ní bheidh dada san Éigipt gur féidir leo a dhéanamh,le ceann ná le heireaball, le pailm ná le giolcach.

An Éigipt agus an Asaír le hIompú

16. Sa lá sin, beidh na hÉigiptigh mar mhná, scaoll agus scanradh iontu ó bhagairt na láimhe atá an Tiarna a bhagairt orthu.

17. Beidh dúiche Iúdá ina hábhar uamhain ag an Éigipt. Gach uair a luafar leo í, tiocfaidh eagla orthu de bharr na seifte atá ceaptha ag Tiarna na Slua ina gcoinne.

18. Sa lá sin, beidh cúig bailte i dtír na hÉigipte agus teanga Chanán á labhairt acu, a thabharfaidh mionn dar Tiarna na Slua; beidh Cathair na Gréine ar cheann acu.

19. Sa lá sin, beidh altóir in onóir don Tiarna i lár thír na hÉigipte agus gallán coisricthe dó in aice na teorann.

20. Beidh siad ina gcomhartha agus ina bhfianaise do Thiarna na Slua i dtír na hÉigipte. Nuair a ghlaofaidh siad ar an Tiarna in am an leatroim, cuirfidh sé slánaitheoir chucu á gcosaint agus á bhfuascailt.

21. Agus cuirfidh an Tiarna é féin in aithne do na hÉigiptigh agus admhóidh siad é agus déanfaidh umhlóid dó le híobairtí agus le hofrálacha. Déanfaidh siad móideanna don Tiarna agus comhlíonfaidh iad.

22. Ansin, má bhuail an Tiarna na hÉigiptigh go crua féin, leigheasfaidh sé iad. Iompóidh siad i leith an Tiarna agus tabharfaidh sé toradh ar a nguí agus leigheasfaidh iad.

23. Sa lá sin, beidh bealach mór ann ón Éigipt go dtí an Asaír. Tiocfaidh an Asaír chun na hÉigipte, agus an Éigipt chun na hAsaíre. Beidh an Éigipt agus an Asaír ag adhradh Dé le chéile.

24. Sa lá sin, beidh beannacht ar Iosrael, mar aon leis an Éigipt agus an Asaír, a dtriúr, i lár na talún. Beannóidh Tiarna na Slua iad, á rá: 25 “Bíodh beannacht ar mo phobal, an Éigipt, ar an Asaír, déantús mo lámh, agus ar Iosrael, m'oidhreacht.”