Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 49 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ióisiá agus Ceannairí Eile

1. Is geall le meascán túise a sholáthraighceird an chumhradóra, cuimhne Ióisiá;tá blas na meala uirthi i mbéal gach n‑aon,agus is cuma í nó ceol ag fleá fíona.

2. Ghabh sé an cúrsa ceart ag iompú an phobail,agus scuab sé chun siúil na gráiniúlachtaí coiriúla.

3. Dhírigh sé a chroí ar an Tiarna;dhaingnigh sé an chráifeacht i ré na haindiagachta.

4. Seachas Dáiví, Hiziciá agus Ióisiá,rinneadar uile peaca ar pheaca;de bhrí gur thréigeadar dlí an té is Airde,chuaigh ríthe Iúdá ar ceal.

5. Óir thugadar a gcumhacht do dhaoine eile,agus a nglóir do chine deoranta.

6. Dódh an chathair thofa, cathair na naofachta,agus bánaíodh a sráideanna,

7. [De réir] bhriathar Irimia; mar chiapadar eisean,cé gur naomhaíodh ina fháidh é i mbroinn a mhátharle stoitheadh agus ciapadh agus scrios a dhéanamh,ach tógáil agus plandáil chomh maith.

8. Eizicéil a chonaic fís na glóire,faoi mar a nocht [Dia] dhó í os cionn charbad na gceiribíní;

9. Óir chuimhnigh [Dia] ar a naimhde le tuile báistí,agus rinne maith don mhuintir a leanann na bealaí córa.

10. Maidir le cnámha an dáréag fáidh,go dtaga bláth orthu mar a bhfuil siad ina luí;óir thug siad sólás do mhuintir Iacóib,agus d'fhuascail iad le muinín agus dóchas.

11. Conas a mhórfaimid Zarubáibil?Ba gheall le fáinne séala é ar an láimh dheas;

12. Ba é an scéal céanna é ag Iósua mac Iahósádác;thóg siad an Teampall ina laethantaagus chuir siad suas sanctóir don Tiarna,a raibh glóir shíoraí i ndán dó.

13. Is daingean í cuimhne Nihimiá chomh maith;d'ardaigh sé dúinn na ballaí a bhí ar lár:chuir sé suas geataí agus barraí,agus d'atóg fothracha ár dtithe.

14. Níor cruthaíodh aon duine mar Eineoc ar talamh,óir tógadh suas ón talamh é.

15. Níor rugadh aon duine riamh mar Iósaef,(ceannaire a dheartháireacha agus taca a phobail);tugadh aire dá chnámha.

16. Fuair Séam agus Séat onóir i measc daoine,agus Ádhamh thar gach dúil bheo.