Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Nátán

1. Ina dhiaidh siúd, d'éirigh Nátán suas,le fáistine a dhéanamh le linn Dháiví.

2. Amhail a dhealaítear an gheir ón íobairt shíochána,sin mar a dealaíodh Dáiví ó chlann mhac uile Iosrael.

3. Bhíodh sé ag súgradh le leoin faoi mar ba mheannáin iad,agus le mathghamhna faoi mar ba uain an tréada iad.

4. Nuair nach raibh ann ach gasúr nár mharaigh sé fathach,agus nár thóg sé an aithis dá mhuintir,nuair a d'ardaigh sé a lámh le cloch ina chranntabhailllenar leag sé Góla ar lár ina dhíomas?

5. Óir ghlaoigh sé ar an Tiarna, an té is Airde,agus thug seisean neart dá dheasláimh,chun laoch láidir cogaidh a threascairt,agus chun cumhacht a mhuintire a mhéadú.

6. Thug siadsan an chraobh dóas ucht an deich míle fear [a mharú],agus ag móradh an Tiarna dóibh mhol siad é,nuair a bhronn siad coróin ghlórmhar air.

7. Óir scrios sé na naimhde a bhí thart timpeall air,agus dhíothaigh sé na Filistínigh a sheas ina choinne;agus tá a gcumhachtsan briste aige go dtí an lá inniu fein.

8. I ngach ní díobhsan dá ndearna sé, ghabh sé buíochas,leis an Aon Naofa, an Té is Airde, le briathra molta;chan sé a chuid amhrán óna chroí amachagus thug sé grá don Té a chruthaigh é.

9. Chuir sé [cláirseacha] os comhair na haltóra,ionas go mba bhinnide an chantaireacht a gceol.

10. Chuir sé barr slachta ar na féilte,agus taibhse shollúnta ar na ceiliúrthaí tráthrialta uile,sa chaoi go dtugtaí moladh gan stad d'ainm an Tiarna,agus go mbaintí macalla as an sanctóir ó bhreacadh an lae amach.

11. Mhaith an Tiarna a pheacaí dó,agus mhéadaigh sé a chumhacht go deo;rinne sé conradh ríoga leisagus bhronn air ríchathaoir ghlórmhar in Iosrael.

Solamh agus a Chomharbaí

12. Tháinig mac eagnaí i gcomharbacht air,agus mhair sé go flaithiúil dá bharr.

13. Bhí Solamh i réim le linn síochána,agus thug Dia suaimhneas dó ar gach taobh,le go dtógfadh sé teach dá ainm,agus go n‑ullmhódh sé sanctóir le seasamh go deo.

14. Nach críonna a bhí tú i d'óige!ag cur thar maoil le tuiscint dála na habhann.

15. Ghabh d'aigne ó cheann ceann an domhain,agus líon tú é de sholaoidí agus de thomhaiseanna.

16. Shroich d'ainm oileáin san imigéinagus bhí grá duit ar son do shíochána.

17. Rinne na críocha iontas díot de bharr do laoithe,do sheanfhocal agus do sholaoidí.

18. In ainm an Tiarna Dia,ar a dtugtar Dia Iosrael,bhailigh tú ór mar a dhéanfaí stán,agus cheannaigh tú airgead mar a dhéanfaí luaidhe.

19. Ach shín tú do leasracha taobh le mná,agus cloíodh thú trí do cholainn.

20. Thug tú aithis ar do ghlóir,agus truailliú ar do shliocht,i dtreo gur thug tú cuthach ar do chlann,agus gur cúis bhróin leo do dhíth céille;

21. Scoilteadh an flaitheas ina dhá chuid,agus d'eascair ríocht easumhal as Eafráim.

22. Ach ní thréigfidh an Tiarna a thrócaire go deo,ná ní scriosfaidh aon chuid dá bhriathra go deo;ní dhíothóidh sé sliocht a thofaigh go brách,ná ní mhillfidh sé síol an té a thug grá dó;thug sé iarmhar do Iacób dá bhrí sin,agus do Dháiví fréamh dá cheap.

23. Chuaigh Solamh chun suain lena shinsiragus d'fhág duine dá chlann mar oidhre,fear ag a raibh flúirse baoise, ach é ar bheagán céille,Rachabám, ar chuir a pholasaí an pobal chun ceannairce.

24. Ansin Iarobám, mac Nabát, a thiomáin Iosrael chun an pheaca,agus a chuir Eafráim ar bhealach peacúil;mhéadaigh go héachtach ar líon a bpeacaí,rud a dhíbir iad as a seilbh.

25. Óir chuaigh siad sa tóir ar gach sórt coirpeachta,nó go dtáinig an díoltas sa mhullach orthu.