Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Is méanar don fhear a bhfuil bean chéile mhaith aige;méadófar líon a laethanta faoi dhó.

2. Cuireann bean chéile dhiongbháilte áthas ar a fear,agus caitheann sé a shaol faoi shuaimhneas.

3. Tabhartas breá is ea bean chéile mhaith;bronnfar í mar chuid an té a bhfuil eagla an Tiarna air.

4. Más bocht saibhir é, bíonn a chroí go sona sasta;agus bíonn aoibh an gháire ar a bhéal i gcónaí.

5. Tá trí nithe ann a chuireann scanradh croí orm,agus cuireann an ceathrú ceann scéin orm -cúlghearradh sa chathair, daoscarshlua ag tionól,agus daoradh san éagóir - is measa iadsan go léir ná an bás:

6. Ach nuair a bhíonn bean in éad le bean eile, bíonn briseadh croí agus brón;agus fógraíonn lasc na teanga don saol é.

7. Cuing damh nach luíonn i gceart is ea drochbhean;is cuma lámh a leagan uirthi nó greim a bhreith air scairp.

8. Is mór an t‑ábhar feirge bean ar meisce;ní cheilfidh sí a náire.

9. Léitear ainmhian mná ina súile drúisiúla,agus aithnítear í ar a fabhraí fiara.

10. Bíodh faire dhian ar iníon cheanndána,nó, nuair a bheidh cead a cinn aici,bainfidh sí feidhm dhíobhálach as.

11. Seachain a súil mhínáireach;agus ná cuireadh sé ionadh ort má pheacaíonn sí i do choinne.

12. Faoi mar a osclaíonn taistealaí a bhéal le barr tartaagus a ólann sé aon uisce a thagann ina threo,suífidh sí os comhair gach cuaille,agus osclóidh sí a bolgán don tsaighead.

13. Is geal le fear grástúlacht a mhná,agus cuireann a cuid eolais saill ar a chnámha.

14. Bronntanas ó Dhia bean ar bheagán focal;ní féidir luach a chur ar mheon dea-mhuinte.

15. Tabhartas ar thabhartas bean mhodhúil;ní féidir aigne gheanmnaí a mheá mar is dual.

16. Mar an ghrian ag éirí de dhroim sléibhte an Tiarna,is mar sin atá ag áille dea-mhná i dteach dea-riartha.

17. Mar an choinneal ag taitneamh ar an gcoinnleoir naofa,is mar sin atá ag ceannaithe áille ar cholainn chórach.

18. Mar cholúin órga ar bhonn airgid,is mar sin atá cosa dea-chumtha ar [sháile] daingine.

19. (Caomhnaigh bláth d óige, a mhic ó,agus ná caith do neart le coimhthígh.

20. Cuardaigh an machaire go léir le haghaidh ghoirt thorthúil;cuir do shíol féin ann, le barr muiníne as feabhas do phóir.

21. Mairfidh do shliocht ar an gcuma sin,agus rachaidh méadú orthu le bród as a ndúchas fónta.

22. Meas priosla a bhíonn ar striapach,ach is túr básaithe dá lucht suirí an bhean dhleathach.

23. Tugtar bean aindiagaithe mar chuid do choirpeach,ach bean chráifeach don fhear arb eagal leis an Tiarna.

24. Ní théann stad ar an mbean mhínaireach ó bhearta náireacha;ach bíonn an iníon gheanmnaí cúthail fiú lena fear céile féin.

25. Ní bhíonn ach meas madra ar bhean cheanndána,ach bíonn eagla an Tiarna ar bhean na náire.

26. Is eagnaí le cách an bhean a bhfuil meas aici ar a fear:ach an té a bhfuil drochmheas aici air le barr uabhair, is éagráifeach í dar le cách;is méanar do chéile na dea-mhná, mar méadófar líon a bhlianta faoi dhó.

27. Clabaire béalscaoilteach mná, is geall le trumpa í á shéideadh le ruathar a thabhairt faoin namhaid;agus aon fhear faoin gcuing léi, caitheann sé a shaol i mbuaireamh an chogaidh.)

Seo agus Siúd

28. Cuireann dhá ní buairt ar mo chroí, agus cuireann an tríú ní fraoch feirge orm:curadh á shnoí le bochtaine,drochmheas ar lucht éirime,agus fear ag casadh ón bhfíréantacht ar ais ar an bpeaca- déanfaidh an Tiarna an té sin a choiriú do bhás le faobhar claímh.

29. Is deacair don cheannaí an éagóir a sheachaint,agus ní shaorfar an mangaire ón bpeaca.