Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Rialtas

1. Déanfaidh an giúistís críonna a phobal a theagasc,agus beidh eagar ar riail an eagnaí.

2. Mar a bhíonn ag an ngiúistís, is mar sin a bhíonn ag a fheidhmeannaigh,mar a bhíonn ag rialtóir na cathrach, is mar sin a bhíonn ag a háitritheoirí go léir.

3. Déanfaidh an rí gan oiliúint a phobal a scriosadh,ach fásfaidh cathair trí thuiscint a flatha.

4. Tá ceannas na cruinne i láimh an Tiarna,agus cuirfidh sé an fear cuí ina feighil in am trátha.

5. Tá séan an duine i láimh an Tiarna,agus bronnann sé a ghlóir ar phearsa an scríobhaí.

Uabhar

6. Ná bí i bhfearg le do chomharsa faoi gach éagóir,agus ná déan beart choíche le teann feirge.

7. Is gráin leis an Tiarna agus leis an duine an t‑uabhar,agus is fuath leo araon an éagóir.

8. Téann flaitheas ó chine go cinede bharr éagóra, uabhair, agus airgid.

9. Céard a bhéarfadh éirí in airde ar an té nach bhfuil ann ach cré agus luaithreach?óir fiú i gcaitheamh a shaoil tagann faoina ionathar.

10. Déanann breoiteach fhada ceap magaidh den lia;an té is rí inniu, beidh a ré caite amárach.

11. Tar éis bháis do dhuine,gheobhaidh péisteanna, ainmhithe fiáine,agus cruimheanna é mar oidhreacht.

12. An Tiarna a thréigean is tosach ag uabhar an duine;óir bíonn a chroí scartha lena chruthaitheoir.

13. An peaca tús an uabhair,agus an té a chloíonn leis, sceithfidh a bhrocamas as;uime sin is ea a thug an Tiarna na trioblóidí aisteacha sa mhullach orthu,agus scrios sé glan amach iad.

14. Leag an Tiarna cathaoireacha na rialtóirí ar láragus chuir lucht na huirísle ina suí ina n‑áit.

15. Rinne an Tiarna na ciníocha a staitheadh óna bhfréamhacha,agus phlandaigh sé lucht na humhlaíochta ina n‑áit.

16. Bhris an Tiarna ar chríocha na gciníocha,agus scrios sé iad go máithreacha na cruinne.

17. Rug sé cuid díobh ar shiúl agus mhill sé iad,agus scrios sé a gcuimhne de chlár na talún.

18. Níor cruthaíodh an t‑uabhar don duine,ná fraoch feirge do shíol na mban.

Urraim

19. Cén cine is díol urraime? An cine daonna.Cén cine is díol urraime? An mhuintir lenarb eagal an Tiarna.Cén cine is díol easonóra? An cine daonna.Cén cine is díol easanóra? An mhuintir a bhriseann na haitheanta.

20. Is díol urraime an ceannasaí i measc a bhráithre,agus an mhuintir arb eagla leo an Tiarna, is fiú iad onóir ina láthair.

21. (Tús na céime ar aghaidh, eagla an Tiarna;ach tús an diúltaithe, ceanndáine agus uabhar.)

22. An saibhir, an t‑iomráiteach, agus an bochtán- gurb é eagla an Tiarna a mórtas!

23. Ní cóir easonóir a thabhairt don bhochtán eagnaí,ná ní cuí peacach a onórú.

24. Tabharfar onóir don uasal, don bhreitheamh, don fhlaith,ach ní mó aon duine díobh ná an té arb eagal leis an Tiarna.

25. Beidh saoránaigh ag fónamh do dhaorán ciallmhar,agus ní bheidh fear na tuisceana ag gearán.

Umhlaíocht

26. Ná bí roghlic i mbun do ghnó,agus ná bíodh éirí in airde ort agus tú i gcúngracht.

27. Is fearr saothraí a bhfuil flúirse de gach sort aige,ná duine a théann timpeall ag maíomh ach é ar easpa aráin.

28. A mhic, bíodh cáil na humhlaíochta ort,agus bíodh meas agat ort féin de réir mar is dual duit.

29. Cé a chinnteoidh ceart don té a chiontaíonn ina aghaidh féin?agus cé thabharfaidh onóir don té nach bhfuil meas aige ar a bheatha féin?

30. Bíonn meas ar an mbocht ar son a eolais,agus ar an saibhir de bharr a mhaoine.

31. Má bhíonn meas ar dhuine agus é ar an ngannchuid, nach mó ná sin a bheidh agus raidhse aige!ach má bhíonn sé gan mheas agus é saibhir, nach lú ná sin a bheidh meas air agus é bocht!