Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Saibhreas

1. Ná bíodh do chroí i do chuid maoine,agus ná habair: “Fágann seo beag beann ar gach duine mé.”

2. Ná géill do do dhrochchlaonta ná do do neart,agus ná déan beart de réir ainmhianta do chroí.

3. Ná habair: “Cén duine a mbeidh údarás aige ormsa?”óir imreoidh an Tiarna díoltas ort go cinnte.

4. Ná habair: “Pheacaigh mé! Ach céard a tharla dom dá dheasca?”mar is foighneach é an Tiarna.

5. Ná bí baothdhochasach i dtaobh an mhaithiúnaissa tslí go ndéanann tú peaca ar pheaca.

6. Ná habair: “Is mór í a thrócaire;maithfidh sé mo pheacaí go léir dom”;óir tá idir thrócaire agus fhearg ag baint leisagus luíonn a chuthach go trom ar na peacaigh.

7. Iompaigh chun an Tiarna gan a thuilleadh moille,ná cuir ar cairde é ó lá go lá;óir tiocfaidh racht feirge ar an Tiarna go tobann,agus díothófar tú go hiomlán lá an díoltais.

8. Ná bíodh do chroí casta agat i maoin choiriúil,óír ní rachaidh sí chun tairbhe duit lá na tubaiste.

Ionracas

9. Ná déan do chaitheadh le gach gaoth,agus ná siúil ar gach casán,(sin é nós an pheacaigh chalaoisigh).

10. Bí seasmhach i do aigne,agus bíodh do bhriathar gan ghuagacht.

11. Tabhair cluas go pras le héisteacht,agus freagair go fadaraíonach.

12. Má thuigeann tú an scéal, tabhair freagra ar do chomharsa;mura dtuigeann, cuir do lámh thar do bhéal.

13. Tagann glóir agus aithis ón gcaint,agus bíonn a theanga ina cheap tuisle ag an duine.

14. Ná bíodh cáil an chúlchainteora ort,agus ná bíodh do theanga ar tinneall mar ghaiste agat;óir bíonn an naire i ndán don ghadaí,agus daorbhreith throm don chalaoiseach.

15. Seachain an t‑ainbheart sa bheag agus sa mhór,agus ná déantar namhaid díot in áit a bheith i do chara;