1. Maise na firmiminte stua lonrach neimhe,dealramh na spéire ag taitneamh go glórmhar.
2. Ag éirí di fógraíonn an ghrian ag cur chun bealaigh:“Is iontach an t‑éacht é saothar an té is Airde!”
3. Um mheán lae loisceann sí an talamh,agus cé a d'fhéadfadh seasamh in aghaidh a bladhma.
4. Ní mór don té atá ag freastal ar shorn oibriú i dteas loiscneach,ach dónn an ghrian na sléibhte a thrí oiread sin;séideann sí soinneáin tine,agus dallann sí na súile le gathanna geala.
5. Is mór é an Tiarna a rinne í,agus siúd ar a cúrsa í le hordú uaidh.
6. Rinne sé an ghealach freisin, nach ndéanann faillí ar a trátha,leis na míonna a mharcáil agus le bheith ina comhartha síoraí.
7. An ghealach, an lóchrann a théann ar gcúl tar éis a láin,is í is comhartha do na féilte.
8. Is uaithi a fhaigheann an mhí a hainm [san Eabhrais],agus is éachtach mar a thagann inti ina réim;brat sluaite na spéire í,agus í ag taitneamh i stua na spéire.
9. Glóir na réaltaí maise neimhe,cóiriú glioscarnach in arda an Tiarna.
10. Trí bhriathra an Neach Naofa, seasann siad mar a ordaíodh;ní dhéanann siad choíche faillí ina bhfaire.
11. Féach an bogha sine, agus mol an té a rinne é;is ró-alainn é le barr gile.
12. Gabhann a stua glórmhar trasna na spéire;lámha an té is Airde is iad a tharraing é.
13. Seolann sé an sneachta le hordú a bhéilagus brostaíonn sé tintreacha a bhreithiúnais.
14. Bíonn a stórais ar leathadh ar an gcuma chéannaagus eitlíonn na scamaill leo ar nós na n‑éan.
15. Déanann sé na scamaill a chruachadh le teann nirt,agus bristear na clocha sneachta ina smidiríní.
16. Critheann na sléibhte arna fheiceáil,agus séideann an ghaoth aneas le hordú uaidh.
17. Cuireann búirtheach a thoirní scáth ar an talamh,agus is é an scéal céanna é ag an stoirm aduaidh agus ag an gcamfheothan;
18. Scaipeann sé an sneachta ar nós na n‑éan ag tuirlingt,agus anuas leis ar nós na lócaistí ag titim;déanann an tsúil ionadh de mhaise a ghile,agus cuireann sé alltacht ar an gcroí ag titim.
19. Caitheann sé an sioc liath ar an talamh dála an ghainimh,agus nuair a reonn sé bíonn bior air mar dhealg.
20. Séideann an ghaoth fhuar aduaidh,agus leathann an sioc ar an uisce;luíonn sé ar gach linn uisce,agus cuireann an t‑uisce uime é mar lúireach.
21. Slugann sé na sléibhte agus loisceann an díthreabh;agus feonn sé na fáis mar a dhéanfadh tine.
22. Is gearr an mhoill ar an gceo gach ní a leigheas,agus nuair a thagann an drúcht cneasaíonn sé deasca an bhrothaill.
23. Le barr gliocais cheansaigh sé an duibheagán,agus phlandaigh oileáin air.
24. Déanann lucht seolta ar muir cur síos ar a gábha,agus líonann a dtuairiscí ár gcluasa le hiontas.
25. Mar tá iontais agus éachtaí inti,gach sórt ainmhí agus míola móra mara.
26. Is dá bharr a bhíonn [gach ní ina cheart],agus trína bhriathar a chothaítear gach ní.
27. Fág go ndéarfaimis a lán, ní bheadh deireadh fós ráite;lena chur i mbeagán focal: “Eisean an t‑iomlán.”
28. Cá bhfaighimid neart lena mholadh?Mar is mó é ná a oibreacha go léir.
29. Is scanrúil é an Tiarna agus is ábhalmhór;agus is éachtach í a chumhacht.
30. Molaigí an Tiarna, agus móraigí é,go barr bhur gcumais, ach sáróidh sé fiú an méid sin;déanaigí bhur ndícheall á mhóradh;ná tagadh tuirse oraibh, mar ní bheidh deireadh agaibh choíche.
31. Cé chonaic é le tuairisc a thabhairt air?Cé ar féidir dó é a ghlóiriú mar is dual?
32. Is iomaí rúndiamhar is mó fós atá i bhfolach,mar ní fhacamar ach beagán dá oibreacha.
33. Mar rinne an Tiarna féin an uile níagus thug sé eagna do na fíréin.