Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Maois

1. Chuir an Tiarna fear trócaireach ar fáil as a shíol,fear ar a raibh gnaoi an uile dhuine,agus ar thug Dia agus duine grá dó,Maois a bhfuil a chuimhne faoi bheannacht.

2. Rinne sé ar aon dul i nglóir leis na naoimh é,agus mhóraigh é le scanradh a chur ar a naimhde.

3. Chuir sé deireadh le hiontais trí bhriathra [Mhaois],agus thug sé onóir dó i láthair ríthe;thug sé aitheanta dó dá phobalagus nocht dó cuid dá ghlóir.

4. Naomhaigh sé é le dílse agus le ceansacht,agus thogh é as an cine daonna uile.

5. Lig sé dó a ghlór a chlosagus sheol amach é faoin dorchacht thiubh;thug sé dó na haitheanta aghaidh ar aghaidh,agus dlí na beatha agus an fheasa,leis an gconradh a theagasc do Iacób,agus a bhreitheanna d'Iosrael.

Árón

6. D'ardaigh sé Árón, deartháir Mhaois,fear naofa mar é de threibh Léiví.

7. Rinne sé conradh síoraí leis,agus thug dó sagartacht an phobail,mhaisigh sé é le héidí taibhseacha,agus chuir fallaing ghlórmhar uime:

8. Ghléas sé é le barr maiseagus neartaigh é le comharthaí sóirt an údaráis,briste, fallaing agus éafód.

9. Chuir sé pomagránaití ina thimpeall,agus cloigíní óir go flúirseach thart air,le bualadh le gach coiscéim,i dtreo go gcloisfí a nglór sa Teampall,mar chuimhniú do chlann a mhuintire.

10. Chuir sé air an éide bheannaithe d'ór agus de ghormagus de chorcra agus de shaothar broidnéireachta;agus oracal an bhreithiúnais, an tÚirím agus an Tuimímde chraorag cas, saothar ceardaí:

11. Agus líoga lómhara gearrtha mar shéalaí,i leaba airgid, saothar gabhann ghil,mar chuimhniú, lena scríbhinní greanta,ar threibheanna Iosrael de réir a lín.

12. Agus lann óir ar a chaidhp,agus séala coisricthe greanta uirthi,ornáidíocht thar barr, scoth saothair,maisiúlacht a chuirfeadh gliondar ar an tsúil.

13. Roimh a ré ní raibh riamh a leithéid de mhaise;níor chuir aon duine deoranta uime riamh iadseachas a chlann mhac féin agus a shliocht go brách.

14. Bhí a íobairtí le huileloscadhdhá uair sa lá gan teip.

15. Rinne Maois é a choisreacanagus a ungadh le hola bheannaithe;ba chonradh síoraí aige é,agus ag a shliocht, fad a mhairfidh na flaithis,le seirbhís a dhéanamh don Tiarna agus fónamh mar shagart,agus an pobal a bheannú ina ainm.

16. Roghnaigh sé é thar an uile dhuine beole híobairtí a ofráil don Tiarna,túis agus cumhracht mar chuid chuimhneacháin,le leorghníomh a dhéanamh ar son an phobail.

17. Thug sé a aitheanta ar iontaoibh dó,agus chuir reachtanna an dlí faoina chúram,lena reachtanna a theagasc do Iacób,agus lena dhlí a shoilsiú d'Iosrael

18. Rinne daoine lasmuigh comhcheilg ina aghaidh,agus bhíodar in éad leis san fhásach:Dátán agus Aibíorám agus a gcuid fear,Corach agus a chomplacht i bhfraoch feirge.

19. Chonaic an Tiarna é sin agus níor mhéin leis é,agus scriosadh iad i gcuthach a fheirge;rinne sé éachtaí ina n‑aghaidh lena n‑ídiú sa tine loiscneach.

20. Chuir sé breis le glóir Árón,agus thug oidhreacht dó;chinntigh sé tús na gcéadtorthaí dó,agus d'ullmhaigh arán na gcéadtorthaí go flúirseach.

21. Óir itheann siad íobairtí an Tiarna,mar thug sé dó féin agus dá shliocht iad.

22. Ach níl fad d'oidhreacht aige i dtalamh a mhuintire,ná aon chuid aige leis an bpobal;óir is é an Tiarna féin a chuid roinne agus a oidhreacht.

23. Tá Píneachás mac Eileázár sa tríú háit i nglóir,de bharr a dhúthracht in eagla an Tiarna,agus de bhrí gur sheas sé an fód, nuair a thug an pobal cúl,le barr daingine agus dílseacht croí,agus de bhrí go ndearna sé leorghníomh thar ceann Iosrael.

24. Bunaíodh conradh síochána leis dá bharrsan,le go mbeadh sé ina cheannaire ar an sanctóir agus ar an bpobal,agus go mbeadh dínit na sagartachtaaige féin agus ag a shíol go brách.

25. Bunaíodh conradh chomh maith le Dáiví,mac Ieise, de threibh Iúdá,comharbacht ríoga ó athair go mac amháin;ach tá a shíol go léir i gcomharbacht ar Árón.

26. Go dtuga an Tiarna eagna in bhur gcroí,le breith a thabhairt go fíréanta ar a phobal,i dtreo nach rachadh a suáilce ar ceal,agus go mairfeadh a nglóir ó ghlúin go ghlúin.