Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An té a bhfuil eagla an Tiarna air, déanfaidh sé mar sin;agus an té a dhéanann a chuid féin den dlí, gheobhaidh sé bua na heagna.

2. Tiocfaidh sí ina airicis ar nós máthar,agus glacfaidh sí chuici é mar a dhéanfadh maighdean brídeoige.

3. Cothóidh sí é le harán na tuisceana,agus tabharfaidh sí uisce na heagna dó le hól.

4. Beidh sí mar thaca aige agus ní thitfidh sé;beidh a mhuinín aige aisti agus ní náireofar é.

5. Ardóidh sí os cionn a chomharsana é,agus tabharfaidh sí bua na cainte dó i láthair an chomhthionóil.

6. Gheobhaidh sé aoibhneas agus barr áthais uaithi,agus bainfidh sé clú buanmharthanach amach mar oidhreacht.

7. Ní bhfaighidh daoine éaganta aon ghreim uirthi,ná peacaigh aon radharc uirthi.

8. Is fada i gcéin í ón uabhar,agus ní chuimhneoidh lucht an éithigh choíche uirthi.

9. Ní oireann laoi mholta i mbéal peacaigh,mar ní ón Tiarna a seoladh í.

10. Tá moladh le reacadh le heagna,agus sé an Tiarna atá lena chur sa siúl.

Saorthoil

11. Ná habair: “Sé an Tiarna faoi deara mé a dhul ar seachrán,”mar ní dhéanann sé an ní is fuath leis.

12. Ná habair: “Eisean a chuir amú mé,”mar níl aon ghnó aige den pheacach.

13. Is gráin leis an Tiarna gach truaillitheacht,agus is fuath iad leo siúd ar a bhfuil a eagla.

14. Eisean a chruthaigh an duine i dtús baire,agus a d'fhág é faoi stiúir a chomhairle féin.

15. Más áil leat é, is féidir duit na haitheanta a choimeád,agus ort féin atá sé ag brath a bheith dílis.

16. Tá tine agus uisce curtha aige os do chomhair;sín amach do lámh chuig cibé acu is rogha leat.

17. Tá an bás agus an bheatha os comhair an duine,agus tabharfar dó cibé acu is mian leis.

18. Óir is fairsing í eagna an Tiarna;Is mór í a chumhacht agus feiceann sé an uile ní.

19. Bíonn a shúile ar na daoine a bhfuil eagla orthu roimhe,agus is eol dó gach beart dá ndéanann an duine.

20. Níor ordaigh sé d'aon duine riamh a bheith aindiaga,ná níor thug sé cead d'aon duine riamh peaca a dhéanamh.