Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Peacaí

1. An ndearna tú peaca a mhic? Ná déan amhlaidh arís,ach bí ag guí faoina bhfuil déanta agat.

2. Teith ón bpeaca mar a dhéanfá ó nathair nimhemá théann tú ina ghaire, béarfaidh sé ort;tá a fhiacla mar fhiacla leoin,agus stollann siad an t‑anam as daoine.

3. Tá gach aindleathacht mar chlaíomh dhá fhaobhar,agus níl leigheas ar a créacht.

4. Déanann scanradh agus dásacht maoin a scriosadh;agus mar sin a scriosfar teach an uaibhrigh.

5. Téann guí an bhoicht óna bheola caol díreach go cluasa [Dé],agus tagann a bhreithiúnas gan mhoill.

6. An té ar fuath leis ceartú, siúlfaidh sé i rian an pheacaigh;ach an té arb eagal leis an Tiarna, déanfaidh sé aithrí ina chroí.

7. An té a bhfuil cumas teanga aige, tá aithne air i gcéin;ach tugann an duine tuisceanach faoi deara nuair a dhéanann sé dearmad.

8. An té a thógann a theach le hairgead daoine eile,is cuma é nó fear a bhailíonn clocha dá [thuama féin].

9. Is cuma comhthionól na gcoirpeach nó barrach ina charn;bladhm thine an chríoch a bheidh orthu.

10. Tá bealach na bpeacach slíoctha le clocha,ach ag a dheireadh tá cuithe Sheól.

Saoi agus Daoi

11. An té a choinníonn an dlí, beidh smacht aige ar a mhianta;sí an eagna buaic eagla an Tiarna.

12. An té atá gan éirim, ní féidir é a mhúineadh,ach tá éirim ann a mhéadaíonn an seirfean.

13. Rachaidh eolas an eagnaí i méid mar thuile,agus a chomhairle mar thobar beo.

14. Tá croí an amadáin mar chrúsca briste,agus ní fhanfaidh aon eolas ann.

15. Má chloiseann fear tuisceanach caint chiallmhar,molfaidh sé í agus cuirfidh sé léi;má chloiseann macnasaí í, ní thaitneoidh sí leisagus caithfidh sé laistiar dá dhroim í.

16. Tá tuairisc an amadáin mar ualach ar aistear,ach is solas é éisteacht le duine éirimiúil.

17. Beifear ag tnúth go géar sa chomhthionól le focail an duine chliste,agus déanfar a chuid cainte a mheá ó chroí.

18. Is cuma nó fothrach tí an eagna don daoi;agus níl in eolas an bhaotháin ach giofaireacht gan éifeacht.

19. Níl san oideachas don duine gan éirim, ach mar laincis faoina chosa,nó mar chuibhreach ar a láimh dheas.

20. Gáireann an t‑amadán in ard a ghutha,ach tagann meangadh gáire go réidh ar an duine stuama.

21. Is cuma nó ornáid óir an t‑oideachas don duine géarchúiseach,nó bráisléad ar a láimh dheas.

22. Bíonn fuadar faoi chois an amadáin isteach i dteach,ach seasann fear na taithí go hurramach os a chomhair.

23. Bíonn an dúr ag gliúcaíl tríd an doras isteachach seasann an duine múinte lasmuigh.

24. Mímhúineadh is ea a bheith ag cúléisteacht ag doras;chuirfeadh a leithéid náire ar dhuine tuisceanach.

25. Beidh focail daoine eile ar a mbéal [ag lucht na cúlchainte],déanfar focail lucht na tuisceana a mheá go cruinn.

26. Tá aigne na n‑amadán ina mbéal;agus tá smaointe na saoithe ar a mbeola.

27. Nuair a chuireann an t‑éagráifeach mallacht ar a [namhaid],cuireann sé mallacht ar a anam féin.

28. Déanann an béadánaí é féin a tháiriú,agus tugann a chomharsa fuath dó.