Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Má bhíonn eagla ar dhuine roimh an Tiarna,ní thiocfaidh aon olc ina bhóthar,ach déanfaidh seisean é a fhuascailt arís agus arís eile.

2. Ní fuath leis an saoi an dlí;is cuma nó long i stoirm an té a bhíonn ag fimínteacht faoi.

3. Cuirfidh an t‑eagnaí a mhuinín sa dlí,mar tá an dlí chomh hiontaofa le horacal dar leis.

4. Bíodh do chuid cainte ullamh agat agus gheobhaidh tú éisteacht;cruinnigh d'fhoghlaim agus tabhair do fhreagra.

5. Is cuma nó roth trucaile croí an amadáin,agus is cuma a smaointe nó mol ag casadh.

6. Is cuma stail thnúthach nó cara searbhasach;bíonn sé ag seitreach cibé a bhíonn ag marcaíocht air.

Éagothroime

7. Cén fáth ar fearr lá ná lá eileós rud é gurb ón ngrian solas gach lae sa bhliain?

8. In aigne Dé a rinneadh an difir eatarthu;agus eisean a dheighil séasúir agus féilte ó chéile.

9. Rinne sé cuid díobh a mhóradh agus a naomhú,agus d'áirigh sé a thuilleadh díobh ina ndálaigh.

10. As an talamh a d'eascair gach duine,agus as an deannach a cruthaíodh Ádhamh.

11. Dhifrigh an Tiarna óna chéile iad in iomláine a eolais,agus cheap sé a mbealaí ar leith dóibh.

12. Bheannaigh agus mhóraigh sé cuid díobh;naomhaigh agus dhruid ina chóngar féin a thuilleadh díobh.Chuir sé mallacht ar chuid eile acu agus d'ísligh iad,agus thiomáin sé as a láithreacha iad.

13. Dála na cré i láimh an chriadóra,[le múnlú] mar is mian leis,mar sin atá an duine i láimh an té a chum é,le tabhairt dó de réir mar a bheartaíonn sé.

14. Seasann an mhaith in aghaidh an oilc,agus an bheatha in aghaidh an bháis;a dhálasan leis an bpeacach in aghaidh an fhíréin.

15. Caith súil mar sin ar oibreacha uile an Té is Airde;táid ina gcúplaí ceann in aghaidh an chinn eile.

16. Ba mise ba dhéanaí a bhí ag fairemar a bheadh gráinseoir i ndiaidh na meithile.

17. De dheonú Dé bhain mé an tosach de chách;agus líon mé mo chantaoir mar a dhéanfadh fear den mheitheal.

18. Meabhraigh nach ar mo shon féin amháin a rinne mé saothar,ach ar son gach duine atá ag lorg teagaisc.

19. Éistigí liom, a thaoiseacha an phobail,agus sibhse, a cheannairí an chomhthionóil, tugaigí aird orm.

20. Ná tabhair ceannasaíocht ort féin do do mhac, do do bhean,do do bhráthair ná do do chara, fad is beo duit.Ná tabhair do chuid do dhuine eile,le heagla go dtiocfá ar mhalairt aigne agus é a lorg ar ais.

Neamhspleáchas agus Daoirse

21. Fad a mhaireann tú agus go mbíonn an dé ionat,ná lig d'aon duine d'áit a ghlacadh.

22. Óir is fearr do chlann a bheith ag lorg ortná go mbeadh do shúilse le láimh do mhac.

23. Bí i gceannas i do ghnóthaí go léir;agus ná cuir smál ar do cháil.

24. An lá a thagann do shaol chun críche,ar uair an bháis, ansin roinn d'oidhreacht.

25. Foráiste, bataí agus ualaí don asal;arán, smacht, agus saothar don daor.

26. Fág an obair faoin daorán agus tóg féin go bog é;má fhágann tú a lámha gan ghnó, rachaidh sé ar lorg na saoirse.

27. Déanfaidh cuing agus gad an muineál a chromadh;don daor urchóideach tá ceapa agus pianta.

28. Cuir ag obair é chun nach n‑eireodh sé díomhaoin;múineann an díomhaointeas a lán urchóide.

29. Cuir chun saothair é mar is dual;mura ngéilleann sé, cuir meáchan lena gheimhle.

30. Ná héiligh an iomad ó aon duine,agus ná déan aon bheart éaganta.

31. Mura bhfuil agat ach aon daor amháin, caith leis mar a dhéanfá leat féin,óir beidh gá agat leis ó chroí.

32. Mura bhfuil agat ach aon daor amháin, caith leis mar a dhéanfá le bráthair,mar beidh tú ag brath air, mar a bheifeá ort féin.

33. Má chaitheann tú go holc leis agus go n‑imíonn sé ar shiúl,cén bealach a rachaidh tú á chuardach?