Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Bás agus an Breithiúnas

1. A bhás, nach searbh é cuimhneamh ort,don té atá faoi shíocháin i measc a mhaoine,don té atá gan bhuairt agus ag éirí leis i ngach gnóagus a bhfuil sé ar a chumas a bhia a chaitheamh le flosc.

2. A bhás, bíonn fáilte roimh do bhreithag an té atá ar an ngannchúis agus an neart ag teip air,é anonn go mór sna blianta agus é ciaptha clipthe ag an saol,cnuig air agus deireadh na foighne caite aige.

3. Ná bíodh eagla ort roimh bhreith an bháis;cuimhnigh ar na laethanta a bhí agus ar chríoch do shaoil.

4. Sé seo breith an Tiarna ar gach dúil bheo,agus conas is féidir duit diúltú do chinneadh an Té is Airde?Bíodh deich nó céad nó míle bliain d'fhad saoil agat,ní chuirfear aon cheist faoi i Seól.

5. Is gránna an pór iad clann na bpeacachagus taithíonn siad pluaiseanna na n‑éagráifeach;

6. Rachaidh meath ar oidhreacht chlann na bpeacach,agus beidh náire bhuan ar a síol.

7. Cuirfidh a chlann milleán ar athair éagráifeachmar go mbíonn siad faoi aithis dá bharr.

8. Is mairg daoibhse, a éagráifeacha,a thréig dlí Dé is airde.

9. Nuair a rugadh sibh, rugadh le haghaidh mallacht sibh,agus nuair a fhaigheann sibh bás, tá mallacht i ndán daoibh.

10. Gach a dtagann as an gcré, filleann sé ar an gcré;teann na héagráifigh ón mallacht chun na díthe.

11. Caoineann daoine a mairbh,ach scriosfar drochainm na bpeacach.

12. Bí aireach i dtaobh d'ainm, mar fanfaidh sé agatníos buaine ná míle mórchiste óir.

13. Líon cinnte laethanta a mhaireann saol maith,ach maireann dea-cháil go brách.

Náire

14. Coinnígí mo theagasc, a chlann ó, agus bíodh síocháin in bhur measc;an eagna fholaigh agus an ciste i bhfolach -cén tairbhe ceachtar díobh?

15. Is fearr an duine a cheileann a bhaoisná an duine a cheileann a eagna.

16. Uime sin bíodh urraim agat do m'fhocail,mar ní maith é gach sort náire a chothú,ná ní dhéanann gach aon duine gach cúinse a mheas ina cheart.

17. Bíodh náire ort faoi dhrúisiúlacht os comhair d'athar agus do mhathar;agus náire faoi éitheach os comhair taoisigh agus flatha;

18. Agus faoi choir i láthair breithimh agus rialtóra:agus faoi chionta i láthair chomhthionól an phobail;

19. Agus faoi éagóir i láthair chomrádaí nó carad;agus faoi ghoid i láthair do chomharsana i do thimpeall;

20. Bíodh náire ort i láthair fírinne Dé agus a chonartha;[bíodh náire ort] faoi uillinn a leagan ar an mbord;

21. Faoi a bheith ciotrúnta ag glacadh nó ag riar;faoi bheith i do thost leis an muintir a bheannaíonn duit;

22. Faoi stánadh ar mheirdreach;faoi chúl a thabhairt le duine gaoil;

23. Faoi chuid nó bronntanas duine eile a bhreith leat:faoi bheith ag suirí le bean duine eile;

24. Faoi bheith ag cur isteach ar a dhaoirseach,- fan amach óna leaba;

25. Faoi achasáin i láthair do chaired- ná bíodh tarcaisne mar eireaball le do thabhartas;

26. Faoi bheith ag cardáil agus ag suainseanagus ag sceitheadh rún.

27. Ansin tuigfidh tú cad is náire ann dáiríre,agus beidh fabhar ó chách agat.