Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ní éireoidh oibrí meisciúil saibhir choíche;an té a dhéanann faillí i nithe beaga, titfidh sé beagán ar bheagán.

2. Cuireann fíon agus mná saoithe amú;éiríonn fear taithithe meirdreach an-mhínáireach.

3. Beidh sé mar oidhreacht ag brocamas agus ag cruimheanna;agus an té atá gan náire, caillfear é.

Caint agus Cúlghearradh

4. Duine gan stuaim an té a chuireann a mhuinín i ndaoine ar an toirt;an té a dhéanann peaca, déanann sé díobháil dó féin.

5. An té a dhéanann lúcháir faoin [olc], daorfar é,(ach an té a dhiúltaíonn don phléisiúr, cuireann sé coróin ar a shaol;

6. An té a smachtaíonn a theanga, mairfidh sé gan bhuaireamh)agus an té ar beag leis béadán, seachnaíonn sé an t‑olc.

7. Ná scaoil scéal,agus ní baol duit;

8. Ná hinis do chara ná do namhaid é,agus ná foilsigh é, muran peaca a mhalairt.

9. Óir chloisfeadh duine éigin thú, agus bheifí ag faire ort,agus, in am trátha, thabharfaí fuath duit.

10. An bhfuair tú gaoth an fhocail? Buail cos air!Bíodh misneach agat! Ní phléascfaidh sé thú!

11. Bíonn an daoi in íona le scéal a chloiseann sémar a bhíonn bean i mbreith clainne.

12. Mar a bheadh saighead i bhfeoil na ceathrún,sin mar atá scéal i mbolg an daoi.

13. Cuir ceist ar chara; b'fhéidir nach ndearna sé aon ní;ach má rinne sé aon ní, ná déanadh sé go deo arís é.

14. Cuir ceist ar do chomharsa; b'fhéidir nár dhúirt sé aon ní;ach má dúirt sé é, ná habradh sé arís é.

15. Cuir ceist ar chara, mar is minic gur tromaíocht é;ná creid, más ea, gach a gcloisfidh tú.

16. D'fhéadfadh duine botún a dhéanamh agus nach dá dheoin é;cé nach ndearna peaca riamh lena theanga?

17. Cuir ceist ar do chomharsa roimh bagairt air;agus fág faoi dhlí an Té is Airde a chúrsa a rith.

18. (Tús a chneastachta, eagla an Tiarna;agus gnóthaíonn an eagna a ghrá.

19. Oiliúint chun na beatha is ea eolas ar aitheanta an Tiarna;an mhuintir a dhéanann a réir bailíonn siadcnuas de chrann na neamhbhásmhaireachta.)

An Eagna Fhíre

20. Sé is iomlán na heagna ann ná eagla an Tiarna;agus níl san eagna ar fad ach comhlíonadh an dlí (agus eolas ar a uilechumhacht;

21. An searbhónta a deir lena mháistir: “Ní dhéanfaidh mé mar is áil leat,”cuireann sé fearg ar fhear a chothaithe fiú má dhéanann sé é ina dhiaidh sin).

22. Ní eagna é eolas ar an gcoirpeacht,ná níl ciall mar a mbíonn peacaigh i gcomhairle.

23. Tá clisteacht ann atá granna;is amadán an té atá gan eagna.

24. Is fearr a bheith ar bheagán céille agus ar mhórán eagla,ná bheith lán d'éirim, ach bheith ag briseadh an dlí.

25. Tá clisteacht ann atá beacht, gan a bheith cóir;agus tá an sórt duine ann a bhaineann feidhm as comaoin le breith a fháil ina fhabhar.

26. Tá coirpeach ann a ghabhann thart cromtha mar dhea le dólás,ach atá lán de chalaois laistigh.

27. Cuireann sé folach ar a aghaidh, agus ligeann air a bheith bodhar,agus nuair nach mbíonn súil leis, faigheann sé an buntáiste ort.

28. Agus má theipeann air peaca a dhéanamh cheal cumais,déanfaidh sé an t‑olc nuair a gheobhaidh sé an fhaill air.

29. Is féidir duine a aithint ar a chuntanós;agus is féidir fear tuisceanach a aithint ar dhealramh a cheannaithe.

30. Insíonn éadach duine agus a gháire leathan,agus a chéim siúil, cén sort é.