Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 3 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Tuismitheóirí

1. A leanaí, éistigí liomsa, bhur n‑athair;agus déanaigí rud orm le go mbeadh sibh slán.

2. Tugann an Tiarna onóir don athair trí bhíthin a chlainne,agus déanann sé údarás na máthar ar a cuid clainne a dhaingniú.

3. An té a mbíonn urraim aige dá athair, déanann sé leorghníomh ina pheacaí.

4. An té a thugann onóir dá mháthair, is cosúil é le duine atá ag cnuasach stóir dó féin.

5. An té a mbíonn urraim aige dá athair, beidh a chlann féin ina n‑ábhar áthais dó,agus nuair a dhéanfaidh sé guí, éistfear leis.

6. An té a thugann onóir dá athair, beidh fad saoil aige,agus an té a dhéanann rud ar an Tiarna, tabharfaidh sé sólás dá mháthair.

7. Agus déanfaidh sé seirbhís dá thuismitheoirí dála an daoir.

8. Bíodh urraim agat do d'athair ó ghníomh agus ó bhriathar,i dtreo go dtiocfaidh beannacht ort uaidh.

9. Óir daingníonn beannacht athar tithe na clainne,ach déanann mallacht máthar iad a staitheadh óna mbonn.

10. Ná bí ag maíomh as ábhar aithise do d'athair,óir ní glóir duitse aithis d'athar.

11. Is ón urraim a thugann sé dá athair a bhláthaíonn glóir dhuine,agus is náire do leanaí masla a thabhairt dá máthair.

12. A mhic, glac cúram d'athar ort féin i ndeireadh a shaoilagus ná cuir brón air fad is beo dó.

13. Fiú amháin má thagann meath ar a mheabhair, bí foighneach leis;ná bíodh drochmheas agat air, toisc, tú féin a bheith i mbarr do mhaítheasa.

14. Óir an charthanacht a dhéanann tú ar d'athair, ní dhéanfar dearmad uirthi choíche,agus cuirfear síos duit é in aghaidh do pheacaí.

15. I lá na cúngrachta rachaidh a chuimhne chun sochair duit;leáfaidh do pheacaí dála an tseaca san aimsir bhreá.

16. An té a thréigeann a athair, ní fearr é ná diamhaslóir;agus an té a chuireann fearg ar a mháthair, tá mallacht an Tiarna air.

An Umhlaíocht

17. A mhic, déan do chuid oibre le ceansacht;agus an mhuintir is gean leis an Tiarna, beidh grá acu duit.

18. Dá airde céim thú, is amhlaidh is córa duit thú féin a ísliú,agus beidh gnaoi an Tiarna ort.

19. (Is líonmhar iad lucht mustair agus toirtéise,ach is don mhuintir uiríseal a nochtann sé a rúin.)

20. Is éachtach í cumhacht an Tiarna,agus tugann lucht na huirísle onóir dó.

21. Ná bí ag lorg eolais ar nithe atá ródheacair duit,agus ná cuir fiafraí ar nithe atá thar do chumas.

22. Déan machnamh ar na horduithe a tugadh duit,ní gá duit bheith buartha faoi na nithe atá folaithe uait.

23. Ná bí ag gabháil de nithe atá os cionn d'acmhainne,

24. Óir na nithe a taispeánadh duit cheana féin,sáraíonn siad tuiscint an duine.

25. Is iomaí duine ar chuir a bharúil féin ar seachrán é,agus ar chlaon a bhaoth-thuairimí féin a chumas breithúnais.

An tUabhar

26. Déanfar an duine ceanndána a chiapadh ar deireadh;agus an té ar gean leis an dainséar, caillfear ann é.

27. Déanfar an duine ceanndána a bhuaireamh le triobloidí,agus déanfaidh an peacach peaca a charnadh ar pheaca.

28. Níl leigheas ar ghalar an uaibhrigh,mar phréamhaigh planda den olc ann.

29. Déanfaidh an duine críonna machnamh ar pharabal ina chroí,agus cluas le héisteacht is mian leis an eagnaí.

An Déirc

30. Múchann uisce tine loiscneach,agus déanann an déirc leorghníomh i bpeacaí.

31. An té a dhíolann an comhar, tá sé ag smaoineamh ar an lá amárach;nuair a thitfidh sé gheobhaidh sé tacaíocht.