Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36
  37. 37
  38. 38
  39. 39
  40. 40
  41. 41
  42. 42
  43. 43
  44. 44
  45. 45
  46. 46
  47. 47
  48. 48
  49. 49
  50. 50
  51. 51

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Ciall

1. Ná téigh chun cocaíochta le fear cumhachtach,le heagla go bhfaigheadh sé greim ort uair éigin.

2. Ná bí in earraid le fear gustalach,le heagla go leagfadh sé an mheá ort,mar is iomaí duine a scrios an t‑ór,agus chlaon sé an croí ag ríthe.

3. Ná bí ag aighneas le teanga phras,agus ná leag connadh ar a tine.

4. Ná bí ag déanamh grinn le fear gan mhúineadh,le heagla go ndéanfaí do shinsir a aithisiú.

5. Ná bíodh drochmheas agat ar an té atá ag iompú ón bpeaca;cuimhnigh go bhfuilimid go léir ciontach.

6. Ná tarcaisnigh duine ina sheanaois,mar tá cuid againn féin ag dul san aois.

7. Ná cuireadh bás duine áthas ort;cuimhnigh go bhfuil an bás i ndán dúinn go léir.

Nósanna

8. Ná tabhair neamhaird ar chaint na saoithe,ach bí taitheach ar a seanfhocail;óir gheobhaidh tú teagasc uathuagus foghlaim le freastal ar dhaoine tábhachtacha.

9. Ná bíodh beagmheas agat ar ráite na sean,óir d'fhoghlaim siadsan óna sinsir;gheobhaidh tú críonnacht uathusan,agus eolas ar conas freagra a thabhairt go tráthúil.

An Chríonnacht

10. Ná hadhain gualach an pheacaighle heagla go ndófá thú féin ina lasair.

11. Ná bítear ag spochadh asat i láthair dhuine uallaighchun nach ndéanfadh sé mar a bheadh luíochán ar do bhriathra.

12. Ná tabhair iasacht do dhuine is láidre ná thú,agus má thugann tú iasacht, glac leis go bhfuil tú thíos leis.

13. Ná téigh i mbannaí thar do chumas,ach má théann tú i mbannaí bí ar an tuiscint go gcaithfidh tú íoc.

14. Ná téigh chun dlí le breitheamh,óir tabharfar an bhreith ina fhabhar de réir a sheasaimh.

15. Ná téigh ar aistear i gcuideachta dhuine bhaoth,d'fhonn nach mbeadh sé ina cheataí duit;óir déanfaidh seisean de réir a thola,agus de bharr a bhaoise scriosfar thú mar aon leis.

16. Ná bí ag achrann le fear drochmhianaigh,agus ná taisteal leis tríd an bhfásach;óir ní aon ní fuil ina shúilesean,agus leagfaidh sé ar lár thú mar nach bhfuil cabhair ar fáil.

17. Ná téigh i gcomhairle le hamadán,mar ní fhéadfaidh sé rún a choimeád.

18. Ná déan aon ní atá le ceilt i láthair choimhthígh;mar ní eol duit cad a thiocfaidh as.

19. Ná nocht do chroí do gach duine,agus ná cuir do chonách ar shiúl uait.