1. A THIGHEARNA a Dhé mo shlánuighthe, do ghoir mé do ló agus doidhche air haghaidh:
2. Tigeadh múrnaigh dot lathair: claón a nuas do chlúas chum méighmhe;
3. Oír atá manam lionta lé holcaibh: agas atá mo bheatha ag tarruing a ngar difrionn.
4. Aírighthear mé maráon ris an lucht théid síos annsa log: atáim mar dhuine ann nach bhfuil neart ar bith:
5. Sáor a measc na marbh, mar na mairbh atá na luighe annsa nuáidh, air nach ccuimhnighionn tusa nísa mhó: noch do gearradh amach le do láimhse.
6. Do chuiris mé annsa log íochdarach, a ndorchadus, annsna háitibh doimhne.
7. Is orumsa chomhnuigheas do dhíbhfhearg, agus do bhuáidhris mé red uile thonnuibh. Selah.
8. Do áthraidh tú a bhfad uáim mo luchd cumuinn; do rinnis am úathbhás dóibh mé: atáim ar míadhagh a stigh, agus ní fhéadam teachd amach.
9. Do ní mo shúil doilghios cionnus atáim buáidheartha: do ghoirios ortsa a THIGHEARNA, ar feadh an laói, do shíneas amach mo lámha chugad.
10. A ndéana tú do na marbhuibh iongnadh? a néireochuidh an drong fuáir bás dot mholadh? Selah.
11. An bhfoillseochthar do thrócaire san nuáidh? thfírinne a ndíothláithriughadh?
12. A naitheontar hobair iongantach annsa dorchadas? thfíréantachd a dtalamh an dearmaid?
13. Acht chughadsa do ghoireas, a THIGHEARNA; tiucfa murnaigh ar maidin ós do choinne.
14. A THIGHEARNA, cred fa tteilgir seachad manam? cred fa bhfolchann tú haghaidh orum?
15. Duine bocht troirthlighe misi óm óige: fuilingim húathbhássa atáim air mo bhuáidhreadh.
16. Do chuáidh thfearg aidhmhéil thorum; do ghearradar húathbháis amach mé.
17. Do ghabhadar am thimchioll amhuil uisge ar feadh an laói; thangadar go croinn a néinfheachd am thimchioll.
18. Do áthruigh tú a bhfad uáim fear grádha, agus cara agus an lucht dar bhaithne mé a ndorchadas.