1. Eist mo chomhairc, a Dhé; tabhair aire dom ghuidhe.
2. O théorannuibh na talmhan eighfiod chugadsa, a núair bhíos mo chroidhe fa thuirse: tréoruigh mé chum na cairge is áirde na mé.
3. Oír do bhí tú ad fhasgadh ágam, ad thor láidir ó aghaidh na namhad.
4. Do dhéanad comhnuighe ann do thabearnacuil go bráth: biáidh mo dhóigh a ccuim do sciathán. Selah.
5. Oír do chúala tusa, a Dhé, mo mhóide: thuguis oighreachd don druing air a bhfuil eagla hanma.
6. Cuirfidh tú láethe a ccionn láethe an rígh: biáidh a bhlíadhna mar do bhíath iomad ginealach.
7. Do dhéana sé comhnuighe choidhche as coinne Dé: ó ullmhuigh trócaire agus fírinne, noch choimhéadfas é.
8. Mársin chanfas misi psalm chúm hanmasa go bráth, do choimhlíonadh mo mhóide go láetheamhuil.