1. Eist mo ghuth, a Dhé, am urnuigh: ó eagla na námhad dídin mo bheatha.
2. Foluigh mé air chomhairle shecréidigh na ndrochdaóine; ó chogar luchda oibrighthe na hurchoide:
3. Noch do ghéaraidh a tteanga mar chloidheamh, do órduigh a soighde, eadhon focail shearbha:
4. Do chaitheamh a nfíréin go foluigheach: caithfid go hobann é, agus ní bhiáidh eagla orra.
5. Meisnighid íad féin a ndrochchúis: comhraidhid fá líonta dfolach; a deirid, Cía chifios íad?
6. Spíonuid amach éaigceart; coimhlíonuid cúartughadh dithchiollach: maráon a meadhon gach nduine ar leith, agus re croidhe domhain.
7. Acht caithfidh Día íadsan le soighid; biáidh siád loitighe go hobann.
8. Agus do bhéaraid fa deara a tteanga féin tuitim orra: teithfigh gach duine chífios íad.
9. Agus biáidh eagla air a nuile dhuine, agus foillseochaid obair Dé; agus do bhéaraid aire a ghníomhsan do thuigsin.
10. Do dhéana an fíréun lúathgháir annsa TIGHEARNA, agus cuirfe a dhóigh ann; agus do dhéanaid a nuile díreach a ccroidhe glóir.