1. O a THIGHEARNA ar TTIGHEARNA, cred é a oirdhearca atá hainm annsa talamh uile! da bhfoillsigheann tú do ghlóir ós cionn na bhflaitheas.
2. As béul na naóidhean agus leanabh na ccíoch dórduighis neart do bhrígh do naimhde, chor go ccoisgféa an námhuid agus an dióghaltóir.
3. A nuáir mheasuim do fhlaithis, obair do mhéur, an ré agus na réulta, noch do órduighis;
4. Cred é an duine, as a bhfuil tú cuimhneach air? agus mac an duine, as a bhfiosruighionn tú é?
5. Oír do rinne tú é beagan nios ísle ná na haingil, agus do choróinighis é le glóir agus le honóir.
6. Do chuir tú é ós cionn oibreach do lámh; do chuiris a nuile ní fá na chosuibh:
7. Na cáoirigh uile, agus na doimh, fós, agus beathuigh an mhachaire;
8. Eúnluith a naiéir, agus íasg na fairge, agus gidh bé ar bith ghabhus tre chasánuibh na bhfairgeadh.
9. O a THIGHEARNA ar TTIGHEARNA, cred é a oirdhearceadh atá hainim annsa talamh uile!