1. A DUBHAIRT an tamadán iona chroidhe, Ní bhfuil Día ann. Atáid síad truáilligh, do rinneadar oibreacha adhfhúathmhara, ní bhfuil éainneach do ní maith.
2. Dféuch an TIGHEARNA a núas ó neamh air chloinn na ndaóine, dféuchuin an raibh aonduine do thuigfeadh, agus diarrfadh Día.
3. Do chlaonadar uile, atáid síad uile truáilligh: ní bhfuil éainneach do ní maith, ní bhfuil, éainneach amháin.
4. An bhfuil éolus air bith ag a nuile dhuine oibrighios éaicceart? noch ithios súas mo phobalsa mar ithid síad aran, agus gan ghairm air an TTIGHEARNA.
5. Annsin do bhádarsan a neagla mhóir: oir atá Día a nginealach na bhfiréan.
6. Do náirigheabhair comhairle an bhoichd, do bhrígh gur bé an TIGHEARNA a dhaingean.
7. O nach ttig slánughadh Israel amach as Sion! a nuáir bhéaras an TIGHEARNA daoirsine a phobail air ais, gáirdeochuidh Iácob, agus biaidh Israel lúathgháireach.