1. Toigfiod súas mo shuile chum na ccnoc, as a ttiocfa mo chabhair.
2. Is ón TTIGHEARNA atá mo chabhair, noch do rinne neamh agus talamh.
3. Ní léigfidh sé dot chois corrughadh: ni choidéola an té choimhéadas thusa.
4. Féuch, an té choimhéadas Israel ní dhéana sé táimhnéull ná codladh.
5. Isé an TIGHEARNA thfear cosanta: isé an TIGHEARNA do scáth air do láimh dheis.
6. San ló ní bhuáilfe an ghrían thú, nó an ghealach san noidhche.
7. Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA thú ó nuile olc: coimhéadfa sé hanam.
8. Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA do dhul amach agus do theacht a steach ó namsa amach, agus go síorruidhe.