1. Claon do chlúas a núas, a THIGHEARNA, cluin mé: oír atáim bocht agus uireasbhach.
2. Coimhéad manam, óir atáim náomhtha: ó mo Dhía, sáor do sheirbhíseach noch chuirios a dhóigh ionnad.
3. Déan trocaire orum, a THIGHEARNA: óir is chugadsa ghairim ar feadh an láoi.
4. Gáirdigh anam do sheirbhísigh: óir is chugadsa, a THIGHEARNA, thógbhuim súas manam.
5. Oír tusa, a THIGHEARNA, atáoi maith agus maithfeach; agus ro thrócaireach don luchd ghairios ort.
6. Tabhair éisdeachd, a THIGHEARNA, dom urnaigh; tabhair aire do ghuth mo ghearáin.
7. A ló mo bhuáidheartha gairfiod ortsa: óir freagorá tú mé.
8. Ní bhfuil do shamhuilse a measc na ndée, a THIGHEARNA; agus ní bhfuilid neithe cosmhuil red oibreachaibh.
9. Tiocfaid na huile chineadhacha do rinnis agus do dhéanaid adhra ós do choinne, a THIGHEARNA; agus do dhéanaid hainm do ghlórughadh.
10. Oír is mór thusa, agus do nír neithe iongantacha: is tú féin Día amháin.
11. Teagaisg dhamh a THIGHEARNA, do shlightheacha; agus siubhólad ann tfírinne: coimhcheangail mo chroidhe chugadsa deaglughadh hanma.
12. Molfad thú, a THIGHEARNA mo Dhía, rem uile chroidhe: agus do dhéanad hainm do ghlórughadh go bráth.
13. Oír is mór thrócaire orumsa: agus dfúascail tú manam ó ifrionn íochdarach.
14. O a Dhé, déirghiodar na huáibhrigh súas am aghaidh, agus díarradar coimhthíonól na bhfoiréignioch manam; agus níor chuireadar thusa as a ccomhar.
15. Acht atá tusa, a THIGHEARNA, Día trócaireach, grásamhuil, ag fulang a bhfad, agus lán do thrócaire agus dfírinne.
16. Féuch orum, agus déan trocaire orum; tabhair do neart dot sheirbhíseach, agus tárthuigh mac hinneilte.
17. Déan riomsa comhartha chum maithesa; agus faicdís sin an luchd fhúathuighios mé, agus bíodh náire orra: do bhrigh, a THIGHEARNA gur chuidigh tusa leam, agus go ttugais meisneach dhamh.