1. Gairdighidh annsa TIGHEARNA, sibhsi a fhíréuna: is cubhaidh moladh don díreach.
2. Molaidh an TIGHEARNA ris an ccláirsigh: re psaltair re hionstrumeint dheich ttéud canuidh dhó.
3. Canuidh dhó caintic núadh; sinnidh go héolgach maille re fuáim áird.
4. Oír is díreach bríathar an TIGHEARNA, agus a oibreacha uile maille re fírinne.
5. Is ionmhuin leis ceart agus breitheamhnus: atá an talamh lán do thrócaire an TIGHEARNA.
6. Re breithir an TIGHEARNA do rinneadh na flaitheamhnuis; agus le spiorad a bhéil a shlúagh uile.
7. Cruinníghidh sé uisgeadha na mara amhuil cárnn: agus cuiridh súas an dúbhaigéan a ttighthibh ionnmhuis.
8. Bíodh eagla an TIGHEARNA air an ttalamh uile: bíodh úamhan ar uile áitreabhacha an domhuin.
9. Oír do labhair sé, agus do rinneadh amhluidh; do aithin sé, agus do cruthuigheadh é.
10. Do ní an TIGHEARNA comhairle na ccinneadhach díomhaoin: do ní smúaintighe na ndaóine neimhéifeachtach.
11. Seasfuidh comhairle an TIGHEARNA go bráth, smúaintighthe a chroidhe go sáoghal na sáoghal.
12. Is beannuigh an cineadh agá bhfuil an TIGHEARNA na Dhía aca; na daóine do thogh sé mar oighreachd dó féin.
13. Féuchuidh an TIGHEARNA ó neamh; do chí sé mic na ndaóine uile.
14. Dearcaidh sé ó a ionad cómhnuigh air áitreabhaibh na talmhan uile.
15. Eision cumadóir a ccroidhtheadh a néainfheachd; tuige sé a noibreach uile.
16. Ní bhfuil rígh air bith cumhduighthear re iomad slóigh: ní sáorthar an duine tréan re méad a neirt.
17. Is ní díomhaóin each mar dhídion: ní sháorfa sé aonduine re méad a neirt.
18. Féuch, atá súil an TIGHEARNA ar an luchd air a bhfuil a eagla, air an lucht chuirios a ndóigh iona thrócaire;
19. Do sháoradh a nánma ó bhás, agus dá ccongmháil béo a ngorta.
20. Atá ar nanam ag feitheamh air an TTIGHEARNA: is eision ar ccabhair agus ar scíath.
21. Oír is annsan do dhéanas ar ccroidhe gáirdeachus, do bhrígh gur chuireamar ar ndóigh ann a ainm naomhthasan.
22. Biodh do thrócaire oruinn, a THIGHEARNA, do réir mar atá ár ndóigh ionnad.