1. Tagair, a THIGHEARNA ris an mhuinntir cheannairgios riom: cathaigh ris an mhuinntir chathuighios am aghaidh.
2. Gabh greim do sceith agus do bhuicléir, agus seas súas dom chumhdach.
3. Agus tarruing amach an gath, agus stop an tslighe a naghaidh na muinntire bhuáidhrios mé: ráidh rem anam, Is misi do shlánughadh.
4. Claóidhtear agus náirighthear an lucht íarrus manam: iompóighthear air a nais agus claoithear an luchd noch smuáineas urchóid damh.
5. Bídís mar lóchán ós coinne na gaóithe: agus aingeal an TIGHEARNA gha rúagadh.
6. Bíodh a slighe na dhorchadus agus ro shleamhuin: agus aingeal an TIGHEARNA da ngérleanmhuin.
7. Oír is gan adhbhar do fholuigheadar a líon am choinnesi a log, noch do thochladar gan adhbhar a ccoinne manma.
8. Tigeadh milleadh airsion nach raibh a fhios aige; a líon noch dfoluigh sé gabhadh é féin: agus tuiteadh sé annsa milleadh sin féin.
9. Agus biáidh manamsa lúathgháireach annsa TIGHEARNA: do dhéanuidh sé gáirdeachus iona shlánughadh.
10. Déaruid mo chnámha uile, O a THIGHEARNA, cía is cosmhuil leachdsa, noch sháorus an bochd ó nduine atá ainneartmhar na aghaidh, agus an bocht agus an teasbhuidheach ón té mhillios é?
11. Déirigh fiaghnuise éagcórach súas; dfíafruigheadar dhíom an ní nár bhfeas damh.
12. Thugadar dhamh luáigheachd uilc a naghaidh maitheasa chum manma do mhilleadh.
13. Acht misi, a núair do bhádar easlán, bá saicéadach mo chulaidh: dumhluighios manam re troscadh; agus dfill mo ghuidhe am ucht féin.
14. Diomchras mé féin amhluidh is gur bhé mo charuid nó mo dhearbhrathair é: dumhluighios a nduibhéadach, mar an té do ní doilghios ar son a mhathar.
15. Acht ann mo ríachdanas do rinneadarsan gáirdeachus, agus do chruinnigheadar íad féin a naonáit: na ciothruimigh fós, do thionoladar a cceann a chéile am aghaidh, agus ní raibh a fhios agamsa; do réubadar, agas nior sguireadar.
16. Re clúanairibh magaidh ar chóisreachuibh, ag gíosgán ré na bhfíacluibh am aghaidhsi.
17. A THIGHEARNA, cá fad bhías tú dhá fhaicsin so? sáor manam ó na mbuáidhreadh, mo mhuirnín ó na leomhanuibh.
18. Do bhéarad buidheachus duitsi annsa ccomhdháil mhór: a measc mhoráin daóine molfa mé thú.
19. Na léig dom naimhdibh gáirdeachus do dhéanamh ós mo chionn go héagcórach: ná léig do luchd mfúaithighthe gan adhbhar a súil do chláonadh.
20. Oír ní labhraid síothcháin: agus tionnsgnuid bríathra cealgacha a naghaidh dhaóine socra na talmhan.
21. Agus dfoscladar a mbéul go fairsing am aghaidh, a dubhradar, Aha, aha, do chíd ar súile é.
22. Do chonnairc tú so, a THIGHEARNA: ná bí ad thochd: a THIGHEARNA, ná bí a bhfad uáim.
23. Corruigh súas thú féin, agus músgail chum mo bhreitheamhnuis, chum mo chúise, mo THIGHEARNA agus mo Dhía.
24. Beir breitheamhnus orum, do reír thfíréuntachda, ó a THIGHEARNA mo Dhía; agus ná gáirdighid ós mo chionn.
25. Ná habraid síad iona ccroidhe, Aha, ar nanam: ná habruid, Do shluigeamar súas é.
26. Náirighthear agus claóidhtear a néinfheachd an drong do ní gáirdiughadh ann molc: éaduighthear íad lé himdheargadh, agus neímhonoir noch mhóruighios íad féin am aghaidh.
27. Gáiredís lé lúathgáire, agus bídís gáirdeach, gach a bhfuil fabharthach dom fhíréuntachd: agus abraidís do ghnáth, Bíodh an TIGHEARNA móruighthe, agá bhfuil dúil a síothcháin a sheirbhísigh.
28. Agus foiliseochuigh mo theanga thfíréuntachd, agus do mholadh ar feadh an laói.