1. A se an TIGHEARNA mo aodhaire; agus ní bhiáidh easbhuidh orum.
2. Do bheir sé orum luighe a ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin.
3. Aiseoguidh sé manam: tréorochuidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar son a anma féin.
4. Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháis, ni bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agas do mhaide mé.
5. Gléusfa tú bórd fám choinne a bhfiaghnuise mo námhad: do ungaidh tú mo cheann le hola, atá mo chupán ag cur thairis.
6. Go dearbhtha leanfuidh maith agus trócaire mé air feadh mo sháoghail: agus do dhéanad áitreabh a ttigh mo THIGHEARNA go bráth.