1. A Dhé, thangadar na geinte a steach ann hoighreacht; do thruáilligheadar teampall do naomhthachda; do leagadar Ierusalem na cárnaibh.
2. Thugadar cuirp mharbha do sheirbhíseach mar bhíadh déanlaith a naiéir, feól do náomh dainmhintibh na talmhan.
3. Do dhóirteadar a bhfuil mar uisge timchioll fá gcuáirt Ierusalem; agus ní raibh áon do adhlacadh íad.
4. Atámuid ar scannail ag ar ccomharsanaibh, ar ttarcuisne agus ar magadh ag an lucht atá ar gach táobh dhinn.
5. Cá fad, a THIGHEARNA? bhías tú feargach go bráth? an lasfuidh héad mar théine?
6. Dóirt thfearg amach ar na geintibh da nach aithne thú, agus air rioghachtaibh nar ghoir air hainm.
7. Oír a dúadar Iácob, agus do rinneadar fásach dá ionad comhnuigh.
8. Ná cuimhnigh ar naghaidh peacaidh ar sinnsior: tárrthuigheadh do thrócaire sinn go lúath, óir tugadh go ro ísiol sinn.
9. Cabhruidh sinn, a Dhé ar slánuighthe, ar son glóire hanma féin: agus sáor sinn, agus glan sinn ó ar bpeacadhuibh, ar son hanma féin.
10. Cred fá naibéoraidís na geinte, Cáit a bhfuil a Ndía? go naitheantar é a measc na ngeinteadh ós coinne ar súl ré dioghaltas fola do sheirbhíseach noch do dóirteadh.
11. Tigeadh osnadhach an phríosúnaigh ós do choinne; do réir árrachdais do láimhe tárrtháilse na luchd do hórduigheadh chum báis;
12. Agus tabhair dar ccomharsanaibh a sheachd noirid iona mbrollach a scannail féin, re ar scannluigheadar thusa, a THIGHEARNA.
13. Agus sinne do dhaóine agus caóirigh hinnbhir bhéaram buidheachus duit go bráth: agus molfam thú ó ghinealach go ginealach.