1. Beannuighe an TIGHEARNA, O manam. O a THIGHEARNA mo Dhía, atá tú ro árrachtach; re honóir agus re mórdhachd atá tú éaduighthe.
2. Ag cur sholuis mar éadach ort; ag síneadh na bhflaitheas amach mar chúirtín:
3. Noch chuirios annsna huisgeadhuibh a sheomruidhe úachtaracha: noch do ní a charbad do na néulluibh: noch shiubhlas ar sciathanuibh na gaóithe:
4. Ag déanamh spiorad dá ainglibh; teine lasamhuil da mhinistribh:
5. Noch shuighios an talamh air a fhulangaibh, go nach ccorrochuigh é go bráth.
6. Ris a ndubhaigeán mar bhrát dfoluigh tú é: ós cionn na slíabh do sheasadar na huisgeadha.
7. Od achmhusansa do theithiodar; ó ghuth do thóirnighe do dheithfrigheadar rompa.
8. Tíaghaid na sléibhte súas; tigid na gleanta a núas chum a nionaid dórduigh tusa dhóibh.
9. Do chuir tú téora cinnte noch nach sáireachuid síad; go nach fhillfid síad dfolach na talmhan.
10. Noch chuirios toibreacha ann sna gleanntaibh, idir na cnocaibh siubhluid síad.
11. Do bheirid deoch duile ainmhidhe an machaire: coisgid na hassail fhíadhta a ttart.
12. Na bhfochair so chomhnuighios éanlaigh a naiéir, a measg na mbeangán do bheirid a nguth.
13. Fliuchuidh sé na cnuic ó na sheomruidhibh úachtrach: ré toradh hoibreachsa do líonadh an talamh.
14. Do bheir sé air an bhféur fás do náirnéis, agus an luibh chum maitheasa an duine: chum aráin do thabhairt amach as an ttalamh;
15. Noch do gháirdighios croidhe an duine re fíon, bheir ar aghaidh deálrughadh re hola, agus neartuighios croidhe an duine re harán.
16. Atáid croinn an TIGHEARNA sásuighthe; séadair Lebanon, noch do phlanntoigh sé;
17. Mar a ndéanuid a néanlaith a nead: an storc, isé an crann giumhais a thigh.
18. Na cnoic árda is dídean do na gabhraibh fíadhta; agus na cairge do na coininíbh.
19. Do rinne sé an ghealach chum aimsiorrdhacht: is aithne don ghréin a dhul faoí.
20. Cuiridh tú dorchadas, agus biáidh a noidhche ann: is annsin shnáighid amach uile bheathuigh állta na coilleadh.
21. Na leomhuin óga ag búirfidhe chum a gcreiche, ag íarruidh a mbídh ó Dhía.
22. Eirghe an ghrían, tigid síad a cceann a chéile, agus luighid iona nuámhuibh.
23. Rachaidh an duine amach chum a oibre agus chum a sháothair go trathnóna.
24. Ca líon hoibreacha, a THIGHEARNA! a neagna do rinne tú íad uile: atá an talamh lán dot shaidhbhrios.
25. A nfairge fós adhbhal fhairsing, annsin atá gach ní shnáighios agus atáid dóáirmhe, beathuighe bheaga agus móra.
26. Annsin imthighid na longa: an míol mór, noch do chruthaigh tusa do shúgradh annsin.
27. Feichthid síad uile ortsa; chum a mbeatha do thabhairt dóibh iona ham féin.
28. Do bheir tusa dhóibh é agus cruinnighid síad é: fosclaidh tú do lámh, agus sásuighear íad re maith.
29. Folchuigh tú hadhuigh, agus atáid síad buaidheartha: tairnge tú a nanál air a hais, agus éagaid síad, agus fillid chum a luaithrigh féin.
30. Cuirir do spiorad uáid, agus cruthuighear íad: agus athnúaidhthear aghaidh na talmhan.
31. Bíaidh glóir an TIGHEARNA go síorruidhe: do dhéanaidh an TIGHEARNA lúthghaire iona oibreachaibh.
32. Féuchuidh sé air an ttalamh, agus criothnuigh sé: beanuidh sé leis na sleibhtibh, agus do níd deatach.
33. Canfad don TIGHEARNA an ccéin mhairfiod: canfad salm dom Dhía an ccéin bhíad ann.
34. Bu milis mo smuáintighthe dha-thaobhsan: do dhéanad gáirdeachus ansa TTIGHEARNA.
35. Go scriostar na peacthaich amach as an ttalamh, agus nar raibh na cionntuigh ann níos mó. Beannuigh ó manam, an TIGHEARNA. Beannuighe sibhsi an TIGHEARNA.