1. Beinneochuidh mé an TIGHEARNA gach uile uáir: biáidh a mholadh ann mó bhéul a ccomhnuigh.
2. Annsa TTIGHEARNA do dhéana manam glóir: cluinfe an tumhal é, agus biáidh lúathgháireach.
3. Móruidhe an TIGHEARNA leamsa, agus árduighemid a ainm a néinfheachd.
4. Díarr mé an TIGHEARNA, agus do chúaluidh sé mé, agus do sháor mé óm eagla uile.
5. Dféuchadar chuige, agus do shoillsíughadh íad: agus ní raibh náire ar a naighthibh.
6. Do gháir an duine bochtso, agus do chúaluidh an TIGHEARNA é agus do sháor é ó na uile bhuáidhreadh.
7. Do ní aingeal an TIGHEARNA campa go cruinn a ttimchioll na druinge air a mbí a eagla, agus sáoruidh sé íad.
8. Blaisidh, agus féuchuidh gur maith an TIGHEARNA: is beannuigh an duine agá mbí a dhóigh ann.
9. Bíodh eagla an TIGHEARNA oruibh, sibhsi a naomha féin: oír ní bhfuil uireasbhuidh air an luchd air a bhfuil a eagla.
10. Bíth uireasbhuidh air na leomhnuibh óga, agus fuilingid ocrus: acht ní bhiáidh uireasbhuidh éanmhaitheasa ar an luchd íarrus an TIGHEARNA.
11. Tigidh, a chlann, éistigh riomsa: teagaisgfead eagla an TIGHEARNA dhibh.
12. Cía hé an duine ler mían beatha, ler bionmhúin iomad láetheadh, dfaicsin maitheasa?
13. Coimhéad do theanga ó urchóid, agus do bhéul ó labhradh ceilge.
14. Dealuidh ris a nolc, agus deán maith; íarr síothcháin, agus lean í.
15. Atáid súile an TIGHEARNA chum na bhfiréin, agus a chlúasa chum a ccomharc.
16. Atá aghaidh an TIGHEARNA a naghaidh na druinge do ní olc, chum a ccuimhne do ghearradh ón talamh.
17. Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra.
18. As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhbhrúighte a spioraid.
19. Is iomdha crádh air an bhfíréun: gidheadh sáorfuidh an TIGHEARNA úatha uile é.
20. Cumhduigh sé a chnámha uile: ní bristear áon díobh.
21. Acht muirfidh an tolc an cionntach: agus sgriosfuighear an luchd agá bhfuil fúath air an bhfíréun.
22. Fuasgluidh an TIGHEARNA anam a sheirbhíseach: agus ní scriosfuighthear an mhéid chuirfios a ndóigh ann.