1. Moluidh an TIGHEARNA. Canuidh don TIGHEARNA caintic núadh, bíodh a mholadh a gciomhthionól na náomh.
2. Déanadh Israel lúathgháire iona crúthaightheóir: déindís clann Shíon sólas ann a Rígh.
3. Molaidís ainm air bpíob: air an tábur mbig agus air an gcláirsigh canaidis salm dhósan.
4. Oír atá dúil ag an TTIGHEARNA iona dhaóinibh: scéimhigh sé an ceannsuigh ré slanughadh.
5. Déanaidís na naóimh lúathgháire a nglóir: comhgháirdís iona leabuidh.
6. Bídh árdmholudh Dé ann a mbéul, agus cloidhíomh dhá fáobhar iona láimh;
7. Do dheanamh dioghaltais air na geintibh, smachtuighthe air na daóinibh;
8. Do cheangal a righthe lé slabhradhuibh, a nuaisle lé fáinnighibh íaruinn;
9. Do chur an bhreitheamhnuis scríobhtha a gcrích orra: is onóir so dhá náomhuibh uile. Moluidh an TIGHEARNA.