Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Dlíthe ar Leith

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Ordaigh do chlann Iosrael gach lobhar agus gach duine óna bhfuil sileadh, nó atá truaillithe trí bhaint le corpán, a chur as an gcampa amach.

3. Cuirigí as an gcampa amach iad idir fhir agus mhná, agus coinnigí ón gcampa iad, i dtreo nach dtruailleodh clann Iosrael ar an gcaoi sin an campa ina mairim ina measc.”

4. Rinne clann Iosrael amhlaidh; chuireadar as an gcampa amach iad. Rinne clann Iosrael mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

5. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

6. “Abair le clann Iosrael:Má dhéanann fear nó bean aon cheann de na peacaí trína bhfeallann duine ar an Tiarna, tá an duine sin ciontach.

7. Déanadh sé an peaca a rinne sé a admháil agus an tsuim iomlán dá bhfuil sé freagrach a aisíoc, agus cúigiú de bhreis léi; déanadh sé an t‑aisíoc leis an té ar a ndearna sé an éagóir.

8. Ach mura mbíonn gaol ag an duine lena bhféadfaí an t‑aisíoc san éagoir seo a dhéanamh, filleann an t‑aisíoc atá ag dul don Tiarna ar an sagart, de bhreis ar an reithe leorghnímh lena ndéanann an sagart leorghníomh ar son an chiontaigh.

9. Óir de gach rud a choisriceann clann Iosrael agus a thugtar chun an tsagairt, tá ceart aige chun na coda a chuirtear ar leithrigh.

10. Cibé rud a choisriceann duine is leis féin é; cibé rud a thugann duine don sagart, is leis an sagart é.”

11. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

12. “Labhair le clann Iosrael agus abair:“Má théann bean duine ar fán agus go mbíonn sí mídhílis dó,

13. má luíonn fear eile léi gan fhios dá céile, agus má thruaillíonn sí í féin gan fhios ar an gcuma seo, gan aon fhinné ina coinne, agus nach mbeirtear uirthi sa ghníomh,

14. agus ansin taom éada a theacht ar an gcéile agus go dtagann éad air faoina bhean a thruailligh í féin: nó arís má bhuaileann taom éada é agus go dtagann éad air faoina bhean fiú amháin agus gan í tar éis a truaillithe,

15. ní foláir don fhear a bhean a thabhairt os comhair an tsagairt, agus ofráil deachú éafá min eorna a dhéanamh. Ná doirteadh sé ola uirthi, agus ná cuireadh sé túis chumhra uirthi, óir is ‘abhlann éada’ í seo, abhlann chuimhneacháin i gcuimhne ar locht.

16. Tugadh an sagart an bhean i láthair ansin, agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í.

17. Tógadh sé uisce coisricthe ansin i soitheach cré agus cuireadh sé san uisce roinnt smúite a thógfaidh sé d'urlár an taibearnacail.

18. Tar éis don sagart an bhean a chur i láthair an Tiarna, scaoileadh sé le folt a cinn agus cuireadh sé an abhlann chuimhneacháin (an abhlann éada is é sin) ina lámha. Bíodh uisce an tseirfin, an sás mallachta, ina láimh féin.

19. Cuireadh sé an bhean ansin faoi bhrí na mionn. Abradh sé léi: ‘Mura fíor gur luigh fear leat agus go ndeachaigh tú ar fán agus gur thruailligh tú thú féin agus tú faoi údarás d'fhear céile, ansin ná déanadh uisce seo an tseirfin, sás na mallachta, aon dochar duit.

20. Ach más fíor go ndeachaigh tú ar fán agus tú faoi údarás d'fhear céile, agus gur thruailligh tú thú féin ag roinnt do leapa le fear seachas do chéile’ -

21. ag an bpointe seo cuireadh an sagart faoi deara don bhean mionn na mallachta a thabhairt agus abradh sé léi - ‘go ndéana an Tiarna mallú agus mionn díot i measc an phobail ag seargadh do shliasta agus ag at do bhoilg.

22. Go dté uisce seo na mallachta isteach i do chliabhlach, go n‑ata sé do bholg agus go searga sé do shliasaid!’ Freagraíodh an bhean: ‘Amen, Amen!’

23. Breacadh an sagart na mallachtaí seo i leabhar agus níodh sé glan iad in uisce an tseirfin.

24. Cuireadh sé faoi deara don bhean ansin uisce an tseirfin agus na mallachta a ól agus rachaidh an t‑uisce mallachta isteach inti agus beidh sé searbh istigh inti.

25. Tógadh an sagart abhlann an éada as láimh na mná agus cuireadh sé i láthair an Tiarna í le comharthaí sóirt ofrála, agus tugadh sé chun na haltóra í.

26. Tógadh sé dorn den abhlann mar chuid chuimhneachán agus dódh sé ar an altóir é. Ansin cuireadh sé faoi deara don bhean an t‑uisce a ól.

27. Tar éis dó é a chur d'iallach uirthi é a ól, más fíor gur thruailligh sí í féin agus gur fheall sí ar a fear, ansin beidh an t‑uisce mallachta a théann inti searbh go cinnte; atfaidh a bolg agus seargfaidh a sliasaid agus beidh sí ina hábhar gránach i measc a muintire.

28. Ach murar thruailligh sí í féin agus go bhfuil sí glan, ansin rachaidh sí slán agus beidh clann uirthi.

29. Sin é an gnás i gcásanna éada, nuair a théann bean ar fán agus í féin a thruailliú agus í faoi údarás a fir,

30. nó nuair a bhuaileann taom éada fear agus go dtagann éad air faoina bhean. Nuair a thugann fear bean mar sin i láthair an Tiarna, cuireadh an sagart an gnás seo i bhfeidhm uirthi go hiomlán.

31. Beidh an fear gan chiontacht, ach, ní foláir don bhean pionós a peaca a iompar.”