Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Daonáireamh

1. Tar éis na plá labhair an Tiarna le Maois agus le hEileázár mac Árón, an sagart, agus dúirt:

2. “Déan daonáireamh de réir sleachta ar chomhthionól chlann Iosrael go léir - gach fear fiche bliain d'aois agus breis agus é ar a chumas airm a iompar.”

3. Labhair Maois agus Eileázár an sagart leis na daoine ar mhachairí Mhóáb i ngar don Iordáin sall ó Ireachó.

4. Rinneadar an t‑áireamh (faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois agus do chlann Iosrael ag teacht dóibh on Éigipt): Fir fiche bliain d'aois agus breis:

5. Reúbaen céadghin Iosrael: clann Reúbaen: do Hanóc, sliocht Hanóc; do Phalú, sliocht Phalú;

6. do Haezron, sliocht Haezron; do Chairmi, sliocht Chairmi.

7. Sin iad sleachta Reúbaen. Daichead trí mhíle seacht gcéad agus a tríocha fear a líon.

8. Clann Phalú: Eilíáb.

9. Clann Eilíáb: Namúael, agus Dátán agus Aibíorám. An bheirt seo Dátán agus Aibíorám, daoine ar a raibh meas ag an bpobal, is iad a thug dúshlán Mhaois agus Árón; bhaineadar le lucht leanúna Chorach a thug dúshlán an Tiarna.

10. D'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad - díthíodh Corach agus a lucht leanúna nuair a d'alp an tine dhá chéad go leith fear. Ba rabhadh iad.

11. Níor scriosadh ámh clann Chorach.

12. Clann Shímeon de réir sleachta: do Namúael, sliocht Namúael; do Iáimín, sliocht Iáimín; do Iáicín, sliocht Iáicín.

13. Do Zearach, sliocht Zearach; do Sheáúl, sliocht Sheáúl.

14. Sin iad sleachta Shímeon. Dhá mhíle fichead agus dá chéad fear a líon.

15. Clann Ghád de réir sleachta: do Zifeón, sliocht Zifeón; do Haigí, sliocht Haigí; do Shiúiní, sliocht Shiúiní;

16. do Oznaí, sliocht Oznaí; do Éirí, sliocht Éirí;

17. do Aród, sliocht Aród; do Aíréilí, sliocht Aíréilí.

18. Sin iad sleachta chlann Ghád. Daichead míle cúig céad fear a líon.

19. Clann Iúdá: Éar agus Ónán: cailleadh Éar agus Ónán i dtír Chanán.

20. Clann Iúdá de réir sleachta; do Shéalá, sliocht Shéalá; do Bhearna, sliocht Bhearnan; do Zearach, sliocht Zearach.

21. Seo iad clann Bhearnan: do Heazron, sliocht Heazron; do Hámúl, sliocht Hámúl.

22. Sin iad sleachta chlann Iúdá. Seachtó cúig mhíle agus cúig céad fear a líon.

23. Clann Íosácár de réir sleachta: do Thólá, sliocht Thóla; do Phuvá, sliocht Phuvá;

24. do Iáisiúb, sliocht Iáisiúb; do Shiomron, sliocht Shiomron.

25. Sin iad sleachta chlann Íosácár. Seasca ceathair míle trí chéad fear a líon.

26. Clann Zabúlun de réir sleachta: do Sheirid, sliocht Sheirid; do Éalón, sliocht Éalon; do Iachlael, sliocht Iachlael.

27. Sin iad sleachta Zabúlun. Trí fichid míle cúig céad fear a líon.

28. Clann Iósaef de réir sleachta: Manaise agus Eafráim.

29. Clann Mhanaise: do Mháicír, sliocht Mháicír; ba é Máicír athair Ghileád. Do Ghileád, sliocht Ghileád.

30. Seo iad sleachta Ghileád: do Íeizir, sliocht Íeizir; do Héilic, sliocht Héilic;

31. do Aisriéil, sliocht Aisriéil; do Sheicim, sliocht Sheicim;

32. do Shimíodá, sliocht Shimíodá; do Héifir, sliocht Héifir.

33. Ní raibh aon mhac ach iníonacha ag Zalofachád, mac Héifir; seo iad ainmneacha iníonacha Zalofachád - Machlá agus Noá agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.

34. Sin iad sleachta Mhanaise; caoga dó míle seacht gcéad fear a líon.

35. Seo iad clann Eafráim de réir sleachta: do Shiútala, sliocht Shiútala; do Bheicir, sliocht Bheicir; do Thachan, sliocht Thachan.

36. Seo iad clann Shiútala. Do Éarán, sliocht Éarán.

37. Sin iad sleachta Eafráim. Tríocha dó míle cúig céad fear a líon. Ba iadsan clann Iósaef de réir sleachta.

38. Clann Bhiniáimin de réir sleachta: do Bheala, sliocht Bheala; do Aisbéal, sliocht Aisbéal; do Aichíorám, sliocht Aichíorám.

39. Do Sheafúfám, sliocht Sheafúfám; do Húfám, sliocht Húfám.

40. Ba iad Ard agus Námán clann Bheala; do Ard, sliocht Ard; do Námán, sliocht Námán.

41. Sin iad clann Bhiniáimin de réir sleachta. Daichead cúig míle sé chéad fear a líon.

42. Clann Dhán de réir sleachta: do Shiúchám, sliocht Shiúchám. Sin iad clann Dhán de réir sleachta.

43. Seasca ceathair míle ceithre chéad fear líon iomlán sleachta Shiúchám.

44. Clann Áiséar de réir sleachta: do Imneá, sliocht Imneá; do Isví, sliocht Isví; do Bheiríá, sliocht Bheiríá.

45. Do chlann Bheiríá: do Héibir, sliocht Héibir; do Mhailcíéil, sliocht Mhailcíéil.

46. Séarach a ba ainm d'iníon Áiséar.

47. Sin iad sleachta Áiséar. Caoga trí mhíle ceithre chéad fear a líon.

48. Clann Naftáilí de réir sleachta: do Iachzael, sliocht Iachzael; do Ghúiní, sliocht Ghúiní.

49. Do Iéizir, sliocht Iéizir; do Shiléim, sliocht Shiléim.

50. Sin iad sleachta Naftáilí, de réir sleachta. Daichead cúig mhíle cúig céad fear líon chlann Naftáilí.

51. Deichniúr ar fhichid, ar sheacht gcéad, ar mhíle, ar shé chéad míle, líon iomlán chlann Iosrael.

52. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt leis:

53. “Tá an talamh le roinnt mar oidhreacht orthu seo de réir líon na ndaoine cláraithe.

54. Do threabhchas líonmhar, tabhair oidhreacht mhór; do threabhchas beag, oidhreacht bheag; bíodh an oidhreacht a thabharfar do gach treibh de réir a líon cláraithe.

55. Ní foláir roinnt na talún a dhéanamh áfach ar cranna; faigheadh gach duine a oidhreacht de réir líon na n‑ainmneacha i dtreibheanna na bpatrarc.

56. Tá oidhreacht na dtreibheanna le roinnt ar cranna, gach dream le cuid a fháil de réir a lín - beag, nó mór.”

Daonáireamh na Léivíteach

57. Seo iad de réir fine na Léivítigh a claraíodh: do Ghéirseon, fine Ghéirseon; do Chohát, fine Chohát; do Mharáraí, fine Mharáraí.

58. Seo iad sleachta na Léivíteach; sliocht Libní, sliocht Haebrón, sliocht Mhailí, sliocht Mhúisí, sliocht Chorach. Ba é Cohát athair Amrám.

59. Ba é Ióceibid iníon Léiví, a rugadh dó san Éigipt, ainm bhean Amrám; agus rug sí d'Amrám Árón agus Maois agus Miriám a ndeirfiúr.

60. Ba é Árón athair Nádáb agus Aibíchiú, Eileázár, agus Íteámár.

61. Cailleadh Nádáb agus Aibíchiú nuair a d'ofráladar tine mhídhleathach i láthair an Tiarna.

62. Cláraíodh trí mhíle fichead fireannach ar fad d'aois mí nó breis; níor áiríodh iad le clann Iosrael mar nach bhfuaireadar oidhreacht i measc chlann Iosrael.

63. Sin iad na fir a ríomhaigh Maois agus Eileázár an sagart a rinne an daonáireamh seo ar chlann Iosrael ar mhachairí Mhóáb láimh leis an Iordáin sall ó Ireachó.

64. Ní raibh orthu fear díobh siúd a chláraigh Maois agus Árón sagart, nuair d'áiríodar clann Iosrael i bhfásach Shíonái.

65. Óir dúirt an Tiarna ina dtaobh-san: “Geobhaidh siad bás san fhásach.” Níor fágadh fear díobh seachas Cálaeb mac Iafuna, agus Iósua mac Nún.