Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Bhó Dhearg

1. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:

2. “Seo reacht den dlí a d'aithin an Tiarna. Inis é seo do chlann Iosrael: ní foláir dóibh bó dhearg, gan locht gan mháchail, nár iompair riamh an chuing, a thabhairt chugat.

3. Tugaigí d'Eileázár an sagart í, agus tugtar lasmuigh den champa í le marú ina láthair.

4. Tógadh Eileázár an sagart cuid dá fuil ar a mhéar agus croitheadh sé an fhuil seo seacht n‑uaire i dtreo dhoras Bhoth na Teagmhála.

5. Loisctear an bhó ansin ina láthair, idir sheithe agus fheoil, agus fhuil, sea agus otrach chomh maith.

6. Ansin faigheadh an sagart adhmad céadrais, íosóip, agus ábhar craorag agus caitheadh sé iad ar lasair na bó á loscadh.

7. Ansin níodh an sagart a éide agus déanadh sé a chorp a ionladh in uisce; ní miste dó filleadh ar an gcampa ina dhiaidh sin, ach bíodh sé neamhghlan go nóin.

8. An té a loisc an bhó, ní mór dó a éide a ní agus a chorp a ionladh in uisce, agus a bheith neamhghlan go nóin.

9. Bailíodh duine atá glan luaithreach na bó, agus caitheadh sé in áit ghlan é lasmuigh den champa. Ní foláir é a choimeád i gcomhair chomhthionól chlann Iosrael le huisce na neamhghlaine a dhéanamh; is íobairt scriosta peaca í.

10. An té a bhailigh luaithreach na bó, níodh sé a éide agus bíodh sé neamhghlan go nóin. Bíodh seo ina reacht síoraí do chlann Iosrael agus don choimhthíoch ag cur faoi in bhur measc.

Neamhghlaine - Uisce na Neamhghlaine

11. “An té a bhaineann le corpán mairbh ar bith, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

12. Déanfaidh sé é féin a ionladh leis na huiscí seo ar an tríú agus ar an seachtú lá, agus beidh sé glan. Ach mura ndéanann sé é féin a íonghlanadh ar an tríú agus an seachtú lá, ní bheidh sé glan.

13. An té a bhaineann le corpán mairbh, is cuma cé hé, agus nach ndéanann é féin a íonghlanadh, truaillíonn sé taibearnacal an Tiarna. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ó Iosrael, mar nár ghabh uiscí na neamhghlaine thairis; bíonn sé neamhghlan; leanann a neamhghlaine de.

14. “Seo é an dlí sa chás go bhfaigheann duine bás i mboth: aon duine a théann isteach sa bhoth, nó aon duine a bhíonn istigh ann cheana, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

15. Ar an gcuma chéanna, gach soitheach oscailte nár iadh clab ná clúid air, bíodh sé neamhghlan.

16. Aon duine a bhaineann le fear a maraíodh le claíomh lasmuigh sa mhachaire, nó le fear a cailleadh, nó le cnámharlach duine, nó le huaigh, bíodh sé neamhghlan ar feadh seacht lá.

17. “Ar mhaithe leis an té atá neamhghlan ar an gcuma seo, tógtar cuid de luaithreach an íobairt pheaca a loisceadh; cuirtear fíoruisce leis i soitheach.

18. Ansin faigheadh duine íonghlan craobh íosóipe agus tumadh san uisce agus croitheadh ar an mboth é, agus ar na soithí agus ar na daoine go léir atá istigh ann, agus ar an té a bhain leis an gcnámharlach, nó le corp an mhairbh - is cuma an bás de ghoin nó bás uaidh féin a fuair sé - nó leis an uaigh.

19. Agus croitheadh an t‑íonghlan ar an neamhghlan an tríú agus an seachtú lá, agus an seachtú lá beidh a ghlanadh curtha i gcrích aigesean. Ní foláir don neamhghlan a chuid éadaigh a ní agus é féin a ionladh in uisce agus beidh sé glan um nóin.

20. Mura ndéanann duine neamhghlan é féin a ghlanadh, gearrtar amach ón gcomhthionól é, óir thruailleodh sé sanctóir an Tiarna. Níor ghabh uiscí na neamhghlaine thairis; tá sé neamhghlan.

21. “Bíodh seo ina dhlí síoraí acu: an té a chroitheann uisce na neamhghlaine, níodh sé a chuid éadaigh, agus an té a bhainfidh le huisce na neamhghlaine, bíodh sé neamhghlan go nóin.

22. Aon rud a mbainfidh an neamhghlan leis, bíodh sé neamhghlan, agus aon duine a bhainfidh leis sin arís, bíodh sé neamhghlan go nóin.”