Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Íobairtí

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Tabhair an t‑ordú seo leanas ó bhéal do chlann Iosrael. ‘An ofráil dom, mo bhia d'íobairt uileloiscthe, an chumhracht a thaitníonn liom, féachaigí chuige go dtugann sibh chugam é in am tratha.’

3. Abair leo:Seo iad na híobairtí loiscthe nach foláir daoibh a ofráil don Tiarna:Dhá uan bhliana gan mháchail mar íobairt uileloiscthe shíoraí gach lá.

4. Ní foláir daoibh an chéad uan a ofráil ar maidin, an dara ceann um eadra nóna,

5. mar aon le habhlann de dheachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín den ola is fíre.

6. Sin í an íobairt uileloiscthe shíoraí a bunaíodh ar Shliabh Shíonái, mar chumhracht thaitneamhach, mar íobairt dhóite don Tiarna.

7. Mar íobairt dí ag gabhail leis, bíodh ceathrú hín an t‑uan; ní foláir an íobairt dí de dheoch chrua don Tiarna a dhoirteadh sa sanctóir.

8. Ní foláir duit an dara huan a ofráil mar íobairt uileloiscthe um eadra nóna; déan dála na maidine maidir le habhlann agus le híobairt dí léi seo, íobairt dhóite, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna.

9. Ar an tsabóid ní foláir duit dhá uan bhliana gan mháchail a ofráil, agus dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola mar abhlann, mar aon leis an íobairt dí a ghabhann leo.

10. Tá íobairt uileloiscthe na sabóide le hofráil gach sabóid mar aon leis an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an íobairt dí a ghabhann léi.

11. I dtús gach míosa de bhur gcuid, ní foláir daoibh íobairt uileloiscthe a ofráil don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan bliana gan mháchail.

12. Le gach tarbh bíodh abhlann de thrí dheachú éafá de phlúr mín measctha le hola; le gach reithe, abhlann de dhá dheachú de phlúr mín measctha le hola;

13. le gach uan, abhlann de dheachú de phlúr mín measctha le hola. Íobairt uileloiscthe í seo, cumhracht thaitneamhach agus íobairt dhóite don Tiarna.

14. Sé a bheidh san íobairt dí a ghabhann léi: leath hín fíona do tharbh, trian hín do reithe, ceathrú hín d'uan. Ní foláir íobairt dhóite mar sin a bheith gach mí ar mhí ar feadh míonna na bliana.

15. Chomh maith leis an íobairt uileloiscthe shíoraí, ní foláir pocán gabhair a ofráil don Tiarna, mar íobairt pheaca, agus a íobairt dí a ghabháil leis.

16. An ceathrú lá déag den chéad mhí Cáisc an Tiarna,

17. agus is lá féile an cúigiú lá déag den mhí seo; itear arán slim ar feadh seacht lá.

18. Ar an gcéad lá bíodh tionól sollúnta, agus ná déanaigí aon obair throm,

19. ach ofrálaigí íobairt dhóite mar uileloscadh don Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana gan mháchail.

20. Mar abhlann de phlúr mín measctha le hola, gabhadh leo trí dheachú éafá don tarbh, dhá dheachú don reithe,

21. agus deachú an ceann don seacht n‑uan.

22. Bíodh pocán gabhair chomh maith don íobairt pheaca, chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son.

23. Ní foláir an meid sin a dhéanamh de bhreis ar íobairt uileloiscthe na maidine, rud is íobairt uileloiscthe shíoraí.

24. Ní foláir daoibh íobairt a dhéanamh mar sin gach lá ar feadh na seacht lá; is bia í, íobairt dhóite, agus cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna. Tá sí le hofráil de bhreis ar an íobairt uileloiscthe agus ar an íobairt dí a ghabhann léi.

25. Ar an seachtú lá bíodh tionól sollúnta agaibh, gan aon obair throm á dhéanamh.

26. Lá na gcéadtorthaí, nuair a ofrálann sibh bhur n‑abhlann de ghrán nua don Tiarna, in bhur bhFéile Seachtainí, bíodh tionól sollúnta agaibh; ná déanaigí aon obair throm.

27. Ofrálaigí íobairt uileloiscthe, cumhracht thaitneamhach leis an Tiarna: dhá tharbh óga, reithe agus seacht n‑uan fireann bliana;

28. mar abhlann de phlúr mín measctha le hola ag gabháil léi bíodh trí dheachú d'éafá do gach tarbh,

29. dhá dheachú don reithe, agus deachú do gach ceann de na seacht n‑uan.

30. Bíodh pocán gabhair chomh maith [don íobairt pheaca], chun gnás an leorghnímh a chomhlíonadh ar bhur son.

31. Ní foláir an méid seo a dhéanamh de bhreis ar an íobairt uileloiscthe shíoraí agus an abhlann a ghabhann léi. Bídís agaibh gan mháchail mar aon lena n‑íobairtí dí.