Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Taiscéalaíocht

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Seol amach fir, fear as gach treibh, chun tír Chanán atá á thabhairt agam do chlann Iosrael a spiúnadh. Seol ceannaire gach treibhe.”

3. Faoi ordú an Tiarna dá bhrí sin sheol Maois iad ó fhásach Phárán; ba cheannairí ar chlann Iosrael na fir seo go léir;

4. is iad seo a n‑ainmneacha: Thar ceann treibh Reúbaen, Seamua mac Zacúr.

5. Thar ceann treibh Shímeon, Seáfát mac Hóraí.

6. Thar ceann treibh Iúdá, Cálaeb mac Iafuna.

7. Thar ceann treibh Íosácár, Igeal mac Iósaef.

8. Thar ceann treibh Eafráim, Hóiséa mac Nún.

9. Thar ceann treibh Bhiniáimin, Pailtí mac Ráfú.

10. Thar ceann treibh Zabúlun, Gaidíéil mac Shóidí.

11. Thar ceann treibh Iósaef, thar ceann treibh Mhanaise, Gaidí mac Shúsaí.

12. Thar ceann treibh Dhán, Aimíael mac Ghamaillí.

13. Thar ceann treibh Áiséar, Satúr mac Mhíocáéil.

14. Thar ceann treibh Naftáilí, Nachbaí mac Vofsaí.

15. Thar ceann treibh Ghád, Geúéil mac Mhácaí.

16. Sin iad ainmneacha na ndaoine a sheol Maois uaidh ag taiscéaladh na tíre. Ansin thug Maois an t‑ainm Iósua ar Hóiséa mac Nún.

17. Chuir Maois uaidh iad chun taiscéaladh a dhéanamh ar Chanán. “Téigí suas isteach san Neigib,” ar sé leo, “agus as sin go dtí na hardáin;

18. faighigí amach cén sórt tíre é, agus cén sórt iad lucht a áitrithe, an tréan nó lag dóibh, an tiubh nó gann dóibh;

19. an talamh maith nó drochthalamh atá fúthu; cén sórt bailte atá acu, an bhfuilid gan chosaint nó an caisil iad;

20. an bhfuil an ithir féin saibhir nó bocht, faoi choillte nó a mhalairt. Bíodh misneach agaibh agus tugaigí cuid de thorthaí na tíre ar ais libh.” Ba é séasur na bhfíniúna luatha é.

21. Chuadar suas dá bhrí sin, chun an tír a bhrath, ó fhásach Zin go dtí Rachob agus Bealach Hamát.

22. Ghabhadar ó thuaidh fan an Neigib go dtí Heabrón mar a raibh cónaí ar chlann Anac, Aichíomán agus Séisea agus Talmai (bunaíodh Heabrón seacht mbliana roimh Zoan san Éigipt).

23. Thángadar go dtí Gleann Eisciol agus ghearradar craobh fíniúna ann le crobhaing caor; thug beirt acu leo í ar chuaille eatarthu; thugadar leo chomh maith pomagránaití agus figí.

24. Tugadh Gleann Eisciol (“Crobhaing”) ar an áit ón gcrobhaing a ghearr clann Iosrael anuas ansiúd.

25. Tar éis daichead lá d'fhilleadar óna dtaiscéaladh ar an tír.

26. Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh.

27. Mar seo a dúradar: “Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh.

28. Dream cumhachtach iad siúd a chónaíonn ann áfach; tá cóir chosanta ar a mbailte agus tá siad an-mhór; agus, sea, chonaiceamar sliocht Anac ann.

29. Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”

30. Bhí Cálaeb ag gríosú na ndaoine i láthair Mhaois agus dúirt: “Ar aghaidh linn gan mhoill agus gabhaimís seilbh ar an tír seo; is féidir dúinn é a smachtú.”

31. Ach dúirt na daoine a chuaigh suas fairis: “Ní féidir dúinn máirseáil i gcoinne na ndaoine seo; is treise iad ná sinne.”

32. Ansin chromadar ar thromaíocht le clann Iosrael ar an tír a bhí braite acu: “An tír a ndeachamar ag taiscéaladh air, is tír é a alpann lucht a áitrithe. Bhí toirt ainspianta i ngach fear dá bhfacamar ann.

33. Chonaiceamar, chonaiceamar sin, fathaigh ann (clann Anac, sliocht na bhfathach) agus ba gheall le dreoilíní teaspaigh sinn féin, dar linn, agus bhíodarsan den tuairim gur míoltóga sinn.”