Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Céalmhainí Bhalám

1. Dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n‑altóirí anseo dom agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.”

2. Rinne Bálác mar a d'iarr Balám agus d'ofráil Bálác agus Balám tarbh agus reithe ar gach altóir.

3. Dúirt Balám ansin le Bálác: “Seas láimh le d'íobairt uileloiscthe. Rachaidh mé ar aghaidh; b'fhéidir go gceadóidh an Tiarna dom teagmháil leis. Cibé rud a nochtfaidh sé dom, inseoidh mé duit.” Ar aghaidh leis go barr maolchnoic.

4. Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus dúirt Balám leis: “Dheasaigh mé na seacht n‑altoirí agus d'ofráil mé tarbh agus reithe ar gach altóir díobh ina n‑íobairt loiscthe.”

5. Chuir an Tiarna ansin focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”

6. Chuaigh Balám ar ais chuige agus b'shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall.

7. Ansin reac sé a laoi agus dúirt:“Thug Bálác leis mé ó Arám,rí Mhóáb ó shléibhte an oirthir.‘Tar agus cuir mallacht ar Iacób dom,agus déan aoir ar Iosrael.’

8. Conas is féidir dom mallacht a chur ar an te nár chuir Dia mallacht air?Conas is féidir dom aoir a dhéanamh ar an te nach ndearna Dia aoir air?

9. Feicim é ó bharr na sléibhte,agus ó mhaoileann na gcnoc a fhairim é:Pobal ag maireachtáil leo féin,nach n‑áiríonn iad féin ar na ciníocha.

10. Cé d'fhéadfadh luaithreach Iacóib a ríomh?Cé d'fhéadfadh deannach shlua Iosrael a áireamh?Gurbh é bás an fhíréin mo bhás-sa!Gurbh í a gcríoch siúd mo chríochsa.”

11. Dúirt Bálác le Balám: “Cad é seo a rinne tú orm? Thug mé liom thú chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo tú gan ar siúl agat ach ag cur beannachtaí orthu!”

12. D'fhreagair Balám: “Nach bhfuil sé de cheangal orm féachaint chuige a gcuireann an Tiarna i mo bhéal a labhairt?”

13. Dúirt Bálác leis: “Tar liom go láthair eile óna bhféadfaidh tú iad a fheiceáil. Níl radharc agat ón áit seo ach ar imeall an tslua seo, níl radharc agat orthu go léir. Cuir mallacht orthu ón áit sin thall.”

14. Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n‑altóirí ansiúd agus d'ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir.

15. Duirt Balám le Bálác: “Seas taobh le d'íobairt uileloiscthe; buailfear liomsa anseo thall.”

16. Tháinig Dia i gcoinne Bhalám agus chuir focal ina bhéal agus dúirt leis: “Ar ais leat go Bálác agus sin é a déarfaidh tú leis.”

17. Chuaigh Balám ar ais chuige agus b'shiúd é ansiúd é ina sheasamh ag a íobairt uileloiscthe agus taoisigh Mhóáb go léir ina thimpeall. Chuir Bálác ceist air: “Cad dúirt an Tiarna?”

18. Ansin reac Balám a laoi agus dúirt:“Éirigh, a Bhálác, agus éist!Tabhair cluas dom, a mhic Zipeor.

19. Ní duine é Dia go n‑inseodh sé bréag,ná ní mac le hÁdhamh é go dtiocfadh ar mhalairt aigne.An dual dó ‘sea’ a rá, gan an beart a dhéanamh,a bhriathar a thabhairt, ach gan é a chomhlíonadh?

20. Seo mise le hordú orm beannacht a thabhairt;beannacht a thabharfaidh [mé] agus ní dhéanfaidh mé a chur ar ceal.

21. Ní fhaca mé urchóid in Iacób.Níor luigh mé súil ar chruatan in Iosrael.Tá an Tiarna a nDia faru,

22. Tugann Dia as an Éigipt amach iad;is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann.

23. Níl briocht in Iacób;ná tuar asarlaíochta in Iosrael.Fág go ndeir daoine le Iacób,agus go ndeir siad le hIosrael: ‘Cén t‑iontas a rinne Dia?’

24. seo pobal, amhail banleon ag éirí,ar tinneall mar leon ar tí léim,agus nach luíonn go n‑alpann a chreach,agus go slogann fuil ar mharaigh sé.”

25. Dúirt Bálác le Balám: “Ná cuir mallacht orthu, más sea, ach ná cuir beannacht ach chomh beag.”

26. D'fhreagair Balám Bálác: “Ná dúirt mé leat, cibé rud a deir an Tiarna, go gcaithfidh mé rud a dhéanamh air?”

27. “Téanam más ea,” arsa Bálác le Balám, “béarfaidh mé go láthair eile thú. B'fhéidir gur toil le Dia iad a mhallú ón áit sin.”

28. Rug Bálác Balám go barr Pheór atá go hard os cionn an fhásaigh.

29. Ansin dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n‑altóirí anseo dom, agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.”

30. Rinne Bálác mar a d'iarr Balám agus d'ofráil tarbh agus reithe ar gach altóir.