1. An lá a bhí deireadh ag Maois ag cur an taibearnacail suas, rinne sé é a ungadh agus a choisreacan agus a throscán go léir chomh maith, mar aon leis an altóir agus a gréithe. Nuair a bhí sé go léir ungtha agus coisricthe aige
2. rinne ceannairí Iosrael ofráil; ba iadsan ceann na dteaghlach sinsearachta, ceannairí na dtreibheanna a bhí i gceannas an daonáirimh.
3. Thugadar a n‑ofrálacha i láthair an Tiarna, sé charbad iata agus dhá dhamh déag - carbad do gach dhá cheannaire agus damh an duine. D'ofráladar iad os comhair an taibearnacail.
4. Dúirt an Tiarna ansin le Maois:
5. “Glac iad seo uathu agus cuirtear ar leithrigh iad do sheirbhís Bhoth na Teagmhála. Tabhair do na Léivítigh iad, do gach duine do réir mar a éileoidh a dhualgais.”
6. Ghlac Maois na carbaid dá bhrí sin agus na daimh agus thug do na Léivítigh iad.
7. Thug sé dhá charbad agus ceithre dhamh do chlann Ghéirseon i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu.
8. Agus do chlann Mharáraí, ceithre charbad agus ocht ndamh i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.
9. Ach do chlann Chohát níor thug sé oiread agus ceann, mar na nithe naofa a cuireadh faoina gcúram is ar a nguaillí a bhí siad le hiompar.
10. Ansin rinne na ceannairí ofráil do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í; d'ofráil na ceannairí a n‑ofráil os comhair na haltóra.
11. Dúirt an Tiarna le Maois: “Ofrálaidís a n‑ofrálacha, ceannaire díobh gach lá i ndiaidh a chéile, do thíolacadh na haltóra.”
12. Ar an gcéad lá sé Nachsón mac Amaíneádáb de threibh Iúdá a thug an ofráil;
13. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín airgid de mheachan seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
14. mias óir deich seicil lán de thúis;
15. tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
16. pocán gabhair don íobairt pheaca,
17. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Nachsón mac Amaíneádáb.
18. Ar an dara lá sé Natanael mac Zúár ceann Íosácár a thug an ofráil;
19. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
20. mias óir deich seicil lán de thúis;
21. tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
22. pocán gabhair don íobairt pheaca,
23. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Natanael mac Zúár.
24. Ar an tríú lá sé Eilíáb mac Haelon ceann chlann Zabúlun a thug an ofráil;
25. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
26. mias óir deich seicil lán de thúis;
27. tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
28. pocán gabhair don íobairt pheaca,
29. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíáb mac Haelon.
30. Ar an gceathrú lá sé Eilíozúr mac Shidéúr ceann chlann Reúbaen a thug an ofrail;
31. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lan de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
32. mias óir deich seicil lán de thúis;
33. tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
34. pocán gabhair don íobairt pheaca,
35. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíozúr mac Shidéúr.
36. Ar an gcúigiú lá sé Sealuimíéil mac Zúiríseadái ceann chlann Shímeon a thug an ofráil;
37. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctora is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
38. mias óir deich seicil lán de thúis;
39. tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
40. pocán gabhair don íobairt pheaca,
41. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Shealuimíéil mac Zúiríseadái.
42. Ar an séú lá sé Eiliásáf mac Dheúael, ceann chlann Ghád a thug an ofráil;
43. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
44. mias óir deich seicil lan de thúis;
45. tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
46. pocán gabhair don íobairt pheaca,
47. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eiliásáf mac Dheúael.
48. Ar an seachtú lá sé Eilíseámá mac Aimíohúd ceann chlann Eafráim, a thug an ofráil;
49. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lan de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
50. mias óir deich seicil lán de thúis;
51. tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
52. pocán gabhair don íobairt pheaca,
53. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíseámá mac Aimíohúd.
54. Ar an ochtú lá sé Gamailiéil mac Phadázúr ceann chlann Mhanaise a thug an ofráil;
55. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
56. mias óir deich seicil lán de thúis;
57. tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
58. pocán gabhair don íobairt pheaca,
59. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Ghamailiéil mac Phadázúr.
60. Ar an naoú lá sé Aibíodan mac Ghideoiní ceann chlann Bhiniáimin a thug an ofráil;
61. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
62. as óir deich seicil lan de thúis;
63. tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
64. pocán gabhair don íobairt pheaca,
65. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aibíodan mac Ghideoiní.
66. Ar an deichiú lá sé Aichíeizir mac Aimíseadái ceann chlann Dhán a thug an ofráil;
67. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
68. mias óir deich seicil lán de thúis;
69. tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
70. pocán gabhair don íobairt pheaca,
71. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíeizir mac Aimíseadái.
72. Ar an aonú lá déag sé Paigíéil mac Ocrán a rinne an ofráil;
73. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
74. mias óir deich seicil lan de thúis;
75. tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
76. pocán gabhair don íobairt pheaca,
77. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán; agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Phaigíéil mac Ocrán.
78. Ar an dara lá déag sé Aichíora mac Aenán ceann chlann Naftáilí a rinne an íobairt;
79. sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;
80. mias óir deich seicil lán de thúis;
81. tarbh óg reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;
82. pocán gabhair don íobairt pheaca,
83. agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíora mac Aenán.
84. Ba iad seo na hofrálacha a rinne ceannairí Iosrael do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í: dhá phláta déag airgid, dhá bháisín déag airgid, dhá mhias déag óir;
85. mheáigh gach pláta airgid céad agus a tríocha seicil, agus gach báisín seachtó seicil; agus bhí dhá mhíle ceithre chéad seicil - seicil an tsanctóra - d'airgead sna soithí sin ar fad.
86. Mheáigh an dá mhias déag óir lán de thúis deich seicil - seicil an tsanctóra - an ceann, agus bhí céad agus a fiche seicil d'ór sna báisíní sin ar fad.
87. Seo é líon iomlán na n‑ainmhithe don uileloscadh: dhá tharbh déag, dhá reithe dhéag, dhá uan fireanna bliana, lena n‑abhlanna; dhá phocán déag d'íobairt pheaca.
88. Agus líon iomlán na n‑ainmhithe don íobairt chomaoineach: ceithre tharbh fichead, trí fichid reithe, trí fichid pocán gabhair, trí fichid uan bliana fireann. Ba iadsan na hofrálacha do thíolacadh na haltóra tar éis í a ungadh.
89. Nuair a chuaigh Maois isteach i mBoth na Teagmhála chun labhairt leis, chuala sé an guth a labhair leis ó lastuas de chathaoir na trócaire a bhí ar áirc na Fianaise ó idir an dá cheiribín. Ansin is ea a labhair sé leis.