Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Gearáin agus Guí

1. Rinne Miriám, agus Árón chomh maith léi, monabhar in aghaidh Mhaois i dtaobh na mná Cuisíteach a phós sé; óir phós sé Cuisíteach mná.

2. Dúradar: “An trí Mhaois amháin a labhair an Tiarna? Nár labhair sé trínne chomh maith?” Chuala an Tiarna é sin.

3. Anois bhí Maois sárumhal, bhí sé ar an duine ba umhla ar talamh.

4. Labhair an Tiarna de gheit le Maois le hÁrón agus le Miriám: “Tagadh an triúr agaibh amach,” ar sé, “go Both na Teagmhála.” Chuadar a dtriúr,

5. agus thuirling an Tiarna ina cholún néil agus sheas ag doras na Botha. Ghlaoigh sé ar Árón agus ar Mhiriám agus tháinig siad chun tosaigh.

6. Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra:Más fáidh aon duine in bhur measc,Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis;Labhraím leis in aisling.

7. Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta;Mo theach is baile dó;

8. Labhraím leis béal ar bhéal,Go soiléir gan tomhaiseanna,Agus feiceann sé cló an Tiarna.“Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?”

9. Las bladhm feirge an Tiarna ina gcoinne. D'imigh sé leis.

10. Chomh luath agus a d'imigh an néal ón mBoth, ba shin Miriám ina lobhar, chomh geal le sneachta. Chas Árón agus d'fhéach uirthi; b'shiúd í ina lobhar.

11. Dúirt Árón le Maois: “Fóir orainn, a thiarna! Ná hagair orainn peaca a rinneamar le baois ach ina bhfuilimid ciontach.

12. Ná bíodh sí mar árrachtach ag teacht ó bhroinn a mháthar agus leath a chuid feola lofa.”

13. Ghuigh Maois go hard chun an Tiarna: “A Dhia,” ar sé, “leigheas í le do thoil, impím ort!”

14. Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Mura ndéanfadh a hathair ach seile a chaitheamh san aghaidh uirthi, nach mbeadh sí ina ceap náire ar feadh seacht lá? Cuirtear ar leithrigh amach ón gcampa í ar feadh seacht lá, agus ansin ina dhiaidh sin tugtar isteach arís í.”

15. Cuireadh Miriám ar leithrigh dá bhrí sin amach ón gcampa ar feadh seacht lá agus níor chuir an pobal chun bealaigh gur tugadh Miriám isteach arís.

16. Ansin d'imigh na daoine ó Hazaerót agus shuíodar campa i bhfásach Phárán.