Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Finí na Léivíteach

1. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:

2. “Déan daonáireamh ar na Léivítigh sin atá de shliocht Chohát de réir fine agus clainne;

3. áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.

4. Seo iad dualgais chlann Chohát i mBoth na Teagmhála: tá na nithe sárnaofa ina gcúram.

5. Nuair a scoirtear campa téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus togaidís anuas fial an scáthláin, agus clúdaídís áirc na Fianaise leis.

6. Cuiridís brat de leathar mín anuas air seo agus leathaidís éadach lánchorcra ar an iomlán. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim san áirc.

7. Leathaidís brat corcra ar bhord arán na láithreachta agus leagaidís air na miasa, na túisteáin, na cuacha agus crúscaí na n‑íobairtí dí; leagtar arán na síorofrála air chomh maith.

8. Leathaidís brat craorag anuas orthu sin agus clúdaídís an t‑iomlán faoi leathar mín. Ansin cuiridís na cuaillí i ngreim sa bhord.

9. “Ansin tógaidís éadach corcra agus clúdaídís an coinnleoir solais lena lampaí agus a smóladáin agus a shileadáin agus na crúscaí ola a ghabhann leis.

10. Cuiridís é féin agus a ghréithe go léir faoi chlúdach de leathar mín agus leagaidís é ar an mbarra.

11. “Leathaidís éadach corcra ar an altóir óir agus leagaidís clúdach de leathar mín air sin. Cuiridís na cuaillí i ngreim ann ansin.

12. Tógaidís na gréithe eile go léir a úsáidtear i seirbhís an tsanctóra, agus leagaidís ar éadach corcra iad go léir agus clúdaídís iad le brat de leathar mín agus cuiridís lena chéile ar an mbarra iad.

13. “Tógaidís an luaithreach den altóir agus leathaidís éadach corcra uirthi,

14. agus leagaidís air sin gréithe uile na haltóra, a úsáidtear sa tseirbhís liotúirge, mar atá na miasa tine, na gabhla, na liacha, na báisiní agus soithí uile na haltóra. Leathaidís brat de leathar mín ar an méid sin go léir agus cuiridís na cuaillí i ngreim ann.

15. Nuair a bheidh deireadh ag Árón agus ag a chlann ag clúdach nithe naofa uile an tsanctóra agus a ngréithe uile agus an campa á scor, tagadh clann Chohát chun an t‑ualach a iompar ach gan baint leis na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás. Sin iad na nithe i mBoth na Teagmhála atá le hiompar ag clann Chohát.

16. “Agus Eileázár mac Árón an sagart, bíodh sé i bhfeighil na hola don solas, na túise cumhra, na habhlainne síoraí, agus an chriosma; tugadh sé aire don taibearnacal uile agus do gach a bhfuil ann, don sanctóir agus dá mbaineann leis.”

17. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:

18. “Na gearraigí amach treabhchas sliocht Chohát ó líon na Léivíteach.

19. Ach déanaigí mar seo leo i dtreo go mairidís agus go dtiocfaidís slán ón mbás nuair a rachaidh siad i ngar do na nithe sárnaofa: téadh Árón agus a chlann mhac isteach agus leagaidís a ghnó agus a shaothar ar gach duine díobh.

20. Ar an gcaoi sin ní miste dóibh dul isteach ach gan súil a leagan fiú ar feadh nóiméid ar na nithe naofa le heagla go bhfaighidís bás.”

21. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

22. “Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Ghéirseon de réir fine agus clainne;

23. áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.

24. Seo iad dualgais sleachta Ghéirseon, a bhfeidhmeanna agus a n‑ualaí.

25. Iompraídís brait an taibearnacail, Both na Teagmhála lena dhíon agus an clúdach de leathar mín a théann air, an chliath do dhoras Bhoth na Teagmhála,

26. brait na faiche agus an chliath don doras chun na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, na téada agus a mbaineann leo, agus gach rud atá riachtanach. Bíodh an méid sin go léir faoina gcúram.

27. Dualgais uile chlann Ghéirseon - a n‑ualaí agus a gcúraimí - déantar iad a chomhlíonadh faoi threoir Árón agus a mhac; féachaigí chuige nach ndéanann siad faillí ina bhfuil le hiompar acu.

28. Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht na nGéirseonach i mBoth na Teagmhála. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí.

29. “Déan daonáireamh chomh maith ar chlann Mharáraí de réir fine agus clainne;

30. áirigh na fir go léir idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar, iad siúd lena mbaineann seirbhís i mBoth na Teagmhála.

31. Seo iad an t‑ualach agus na cúraimí go léir atá le comhlíonadh acu i mBoth na Teagmhála: creat an taibearnacail lena mhaidí snaidhme, a phollaí agus a cheapa;

32. na pollaí timpeall na faiche lena gceapa, a bpionnaí, a dtéada, agus gach a ngabhann leo. Déanaigí liosta dá n‑ainmneacha leis na hualaí a chaithfidh gach duine a iompar.

33. Sin iad na cúraimí a bheidh ar chlanna shliocht Mharáraí. Beidh Íteámár mac Árón an sagart ag riaradh a gcúraimí go léir i mBoth na Teagmhála.”

34. Rinne Maois agus Árón agus ceannairí an chomhthionóil daonáireamh ar chlann Chohát de réir clainne agus fine;

35. áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.

36. Ba é líon a dtreabhchas dhá mhíle seacht gcéad agus a caoga fear.

37. Ba é sin líon treabhchais Chohát, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo, agus a d'áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois.

38. Rinneadh daonáireamh ar chlann Ghéirseon de réir clainne agus fine;

39. áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.

40. Ba é líon a gclann agus a bhfiní dhá mhíle sé chéad agus a tríocha fear.

41. Ba é sin líon treabhchais Ghéirseon, iad siúd ar bhain seirbhís i mBoth na Teagmhála leo agus a d'áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna.

42. Rinneadh daonáireamh ar fhiní chlann Mharáraí de réir fine agus clainne:

43. áiríodh gach fear idir tríocha agus leathchéad bliain d'aois a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt i mBoth na Teagmhála.

44. Ba é líon a bhfiní trí mhíle dhá chéad fear.

45. Ba é sin líon treabhchais Mharáraí a d'áirigh Maois agus Árón ar ordú an Tiarna trí Mhaois.

46. Ba é líon iomlán na Léivíteach a d'áirigh Maois agus Árón agus ceannairí Iosrael -

47. na fir go léir idir tríocha agus leathchéad a d'fhéadfadh airm a iompar agus lenar bhain sé seirbhís a thabhairt nó ualaí a iompar i mBoth na Teagmhála -

48. ocht míle cúig chéad agus a hochtó fear.

49. Ar ordú an Tiarna trí Mhaois, rinneadh an daonáireamh ag leagan a dhualgais agus a ualaigh ar gach fear; áiríodh iad mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.