Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Gabháil Hormá

1. Rí Arád, an Canánach a bhí ag cur faoi sa Neigib, chuala sé go raibh Iosrael ag teacht trí bhealach Atáraím. D'ionsaigh sé Iosrael agus ghabh sé roinnt priosúnach.

2. Ansin mhóidigh Iosrael an mhóid seo don Tiarna: “Má thugann tú an mhuintir seo ar láimh dom, cuirfidh mé a gcathracha go léir faoi bhang.”

3. D'éist an Tiarna le guth Iosrael agus thug na Canánaigh ar láimh dóibh; chuireadar faoi bhang iad, iad féin agus a gcathracha. Tugadh Hormá (Bang) ar an áit seo.

An Nathair Chré-Umha

4. D'fhágadar Sliabh Hor ar feadh bhealach Mhuir Shúf, ag gabháil timpeall chríocha Eadóm. Bhris ar an bhfoighne ag an bpobal ar an tslí.

5. Labhraíodar in aghaidh Dé agus in aghaidh Mhaois: “Cad ab áil libh dár dtabhairt amach as an Éigipt chun bás a fháil san fhásach? Óir tá an áit seo gan arán, gan uisce, agus is gráin linn an bia gan mhaith seo.”

6. Ansin sheol Dia nathracha tintí i measc an phobail, agus chuireadar a gcealg sa phobal, agus fuair a lán in Iosrael bás.

7. Tháinig an pobal go Maois agus dúradar: “Pheacaíomar lenár gcaint in aghaidh an Tiarna agus i d'aghaidhse. Guigh chun an Tiarna á iarraidh air na nathracha a thógáil dínn.” Ghuigh Maois ar son an phobail.

8. Dúirt an Tiarna le Maois: “Déan nathair thintí agus cuir ar chuaille í, agus gach duine ina gcuirfear cealg, nuair a fhéachfaidh sé uirthi, mairfidh sé.”

9. Dhealbhaigh Maois nathair chré-umha dá bhrí sin agus chuir ar chuaille í, agus nuair a chuireadh nathair cealg i nduine, d'fhéachadh sé ar an nathair chré-umha agus mhaireadh.

San Alliordáin

10. Chuir clann Iosrael chun bealaigh agus shuíodar a gcampa in Obot.

11. Ansin chuadar ó Obot agus shuíodar a gcampa in Ívé Abáraím san fhásach taobh le Móáb i dtreo éirí gréine.

12. Chuireadar chun bealaigh uaidh sin agus shuíodar a gcampa i nGleann Zeirid.

13. Chuireadar chun bealaigh uaidh sin agus shuíodar a gcampa lastall den Arnón. Tosaíonn an gleann fásaigh seo i gcríocha na nAmórach. Óir sí an Arnón teorainn Mhóáb, idir Móáb agus na hAmóraigh.

14. Deirtear uime sin i Leabhar Chogaí an Tiarna:...Váhaeb i Súfá, agus gleannta Arnón,

15. agus sleasa na ngleanntaa ritheann síos go láthair Ár,agus a chromann thar teorainn Mhóáb...agus ar aghaidh leo as sin go Béar -

16. Is faoin tobar ansiúd a dúirt an Tiarna le Maois: “Cruinnigh an pobal le chéile agus tabharfaidh mé uisce dóibh.”

17. Ansin is ea a chan Iosrael an laoi:“Sceith, a thobar!Canaigí dó!

18. Na prionsaí a thochail,agus ceannairí an phobail a bhain,lena slat agus lena mbataí:”...agus ón bhfásach go Matáná.

19. Agus ó Mhatáná go Nachailíéil, agus ó Nachailíéil go Bámót,

20. agus ó Bhámót go dtí an gleann a shíneann go críocha Mhóáb i dtreo mullach Phisceá atá ar imeall an fhásaigh.

21. Ansin chuir Iosrael teachtairí go Síochon rí na nAmórach, á rá:

22. “Lig dom gabháil trí do chríocha; ní rachaimid ar seachrán trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.”

23. Ach ní ligfeadh Síochon d'Iosrael gabháil trína chríocha. Thionóil sé a chuid fear ar fad agus amach leis san fhásach in aghaidh Iosrael agus tháinig go Iáhaz, agus chuir cath ar Iosrael.

24. Chuir Iosrael chun báis é de ghion claímh agus ghabh seilbh ar a chuid tailte ón Arnón go dtí an Iaboc, chomh fada le clann Amón, óir ba gharbh í teorainn chlann Amón.

25. Ghabh Iosrael na cathracha seo go léir agus chuir Iosrael fúthu i gcathracha uile na nAmórach, i Heisbeon agus in gach baile dá chuid.

26. Ba é Heisbeon príomhchathair Shíochon rí na nAmórach, an té a chuir cogadh ar chéad rí Mhóáb, agus a bhain a chríocha uile de chomh fada ó bhaile leis an Arnón.

27. Uime sin canann baird:“[Misneach, a Heisbeon!Tusa atá dea-thógtha ar bhonn daingean!]A chathair Shíochon!

28. Óir tháinig tine as Heisbeon,lasair as chathair Shíochon.D'alp sí Ár Mhóáb,agus shlog sí arda Arnón.

29. Liach ortsa, Móáb!Tá deireadh libh a phobal Chamóis.Rinne sé teifigh dá mhaca,agus cimí dá iníonacha,cimí ag Síochon, rí na nAmórach.

30. Scrios Heisbeonna leanaí chomh fada le Díobon,na mná chomh fada le Nofach,[na fir] chomh fada le Maedabá.”

31. Chuir Iosrael fúthu ansin i dtír na nAmórach.

32. Chuir Maois uaidh lucht taiscéalaithe ar Iazaer, agus ghabh Iosrael seilbh air féin agus ar na bailte go léir a bhí faoi, agus chuir sé na hAmóraigh go léir a bhí ann as seilbh.

33. Ansin chasadar agus ghabhadar an bóthar i dtreo Bháiseán. Tháinig Óg rí Bháiseán amach ina n‑aghaidh lena mhuintir go léir chun cath a chur ag Eidreí.

34. Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Ná bíodh eagla ort roimhe, óir tá sé tugtha agam i do láimh, é féin agus a mhuintir agus a thír. Déan leis mar a rinne tú le Síochon, rí na nAmórach, a mhair i Heisbeon.”

35. Bhriseadar air dá bhrí sin, agus ar a mhic agus ar a mhuintir: níor fágadh fear inste scéil díobh. Ghabhadar seilbh ar a chríocha.