1. Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:
2. “Déanadh clann Iosrael a mbothanna a chur suas de réir eagair, gach duine ag a bhrat féin, faoi bhratach theaghlach a shinsearachta. Cuiridís suas a mbothanna mórthimpeall thaibearnacal na Fianaise fad áirithe uaidh amach.
3. Maidir leo siúd atá lena mbothanna a chur lastoir: i dtreo éirí gréine, bratach champa Iúdá, faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Iúdá: Nachsón mac Amaíneádáb,
4. agus seachtó ceathair míle sé chéad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
5. Le campáil taobh leis: treibh Íosácár. Mar cheann ar chlann Íosácár: Natanael mac Zúár,
6. agus caoga ceathair míle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
7. Treibh Zabúlun. Mar cheann ar chlann Zabúlun: Eilíáb mac Haelon,
8. agus caoga seacht míle ceithre chéad ar a ríomh faoina cheannas.
9. Is é líon tionóil iomlán champa Iúdá ar a ríomh, céad ochtó sé mhíle ceithre chéad. Siad atá le bheith ar tosach ag scor campa.
10. “Ar an taobh theas: bratach champa Reúbaen faoi chóiriú catha; mar cheann ar chlann Reúbaen: Eilíozúr mac Shidéúr,
11. agus daichead sé mhíle cúig céad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
12. Le campáil taobh leis: treibh Shímeon. Mar cheann ar chlann Shímeon, Sealuimíéil mac Zúiriseadái,
13. agus caoga naoi míle trí chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
14. Treibh Ghád. Mar cheann ar chlann Ghád: Eiliásáf mac Dheúael,
15. agus daichead cúig mhíle sé chéad agus caoga fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
16. Is é líon tionóil iomlán champa Reúbaen ar a ríomh, céad agus caoga haon mhíle ceithre chéad agus a caoga. Siad atá le bheith sa dara háit ag scor campa.
17. “Ansin gluaiseadh Both na Teagmhála agus campa na Léivíteach i lár na gcampaí eile. Bíodh eagar a ngluaiste ar aon dul le heagar a gcampála, gach duine in ord faoina bhrat féin.
18. “Ar an taobh thiar: Bratach champa Eafráim faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Eafráim: Eilíseámá mac Aimíohud,
19. agus daichead míle cúig céad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
20. Le campáil taobh leis: treibh Mhanaise. Mar cheann ar chlann Mhanaise: Gamailíéil mac Phadázúr,
21. agus tríocha dó míle dhá chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
22. Treibh Bhiniáimin. Mar cheann ar chlann Bhiniáimin: Aibíodan mac Ghideoiní,
23. agus tríocha cúig mhíle ceithre chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
24. Is é líon tionóil iomlán Eafráim, ar a ríomh, céad agus a hocht míle agus céad. Siad atá le bheith sa tríú háit ag scor campa.
25. “Ar an taobh thuaidh: bratach champa Dhán faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Dhán: Aichíeizir mac Aimíseadái,
26. agus seasca dó míle seacht gcéad fear ar a ríomh, faoina cheannas.
27. Lé campáil taobh leis: treibh Áiséar. Mar cheann ar threibh Áiséar: Paigiéil mac Ocrán,
28. agus daichead a haon mhíle fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
29. Ansin treibh Naftáilí: mar cheann ar chlann Naftáilí: Aichíora mac Aenán,
30. agus caoga trí mhíle ceithre chéad fear faoina cheannas.
31. Is é líon tionóil iomlán champa Dhán, ar a ríomh, céad caoga seacht míle sé chéad. Siad a bheidh ar deireadh ag scor campa, brat ar bhrat.”
32. Ba é sin líon chlann Iosrael nuair a rinneadh an daonáireamh de réir teaghlach sinsearachta. Ba é líon iomlán an champa uile, cóirithe ina gceannasaíochtaí faoi leith, sé chéad agus a trí mhíle cúig céad agus a caoga fear.
33. Ach níor áiríodh na Léivítigh i measc chlann Iosrael de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.
34. Rinne clann Iosrael de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois; sin mar a shuíodar a gcampa, faoi eagar a mbrat. Sin mar scoireadar campa, gach duine lena mhuintir féin de réir fine.