Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

An Naizíreach

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Abair le clann Iosrael:Más mian le fear nó le bean móid a thabhairt, móid an naizírigh, is é sin, trína gcuirtear duine ar leith don Tiarna,

3. diúltaíodh sé d'fhíon agus do dheoch chrua, ná hóladh sé fínéagar fíona ná dí crua, ná hóladh sé súlach fíniúna, agus ná hitheadh sé caora fíniúna, úr ná triomaithe.

4. Fad a mhaireann a mhóid ná caitheadh sé aon ní a thagann ón bhfíniúin, fiú an glas-súlach nó an deascadh.

5. Fad a bhíonn sé faoi cheangal na móide ná baineadh rásúr lena cheann; nó go mbíonn ré a choisricthe don Tiarna slánaithe, bíodh sé naofa agus ligeadh sé dá chuid gruaige bheith ag fás léi ar a cheann.

6. Fad a bhíonn sé coisricthe don Tiarna ná téadh sé i ngar do chorpán.

7. Ná déanadh sé é féin neamhghlan ar son athar ná máthar, ar son dearthár na deirféar, má chailltear iad; tá a choisreacan dá Dhia ar a cheann aige.

8. Ó thús deireadh a naizíreachta is duine é atá coisricthe don Tiarna.

9. Má thiteann an t‑anam as duine go tobann ina láthair agus go bhfágtar neamhghlan a cheann coisricthe ní foláir dó a cheann a bhearradh lá a ghlanta; bearradh sé a cheann ar an seachtú lá.

10. Ar an ochtú lá tugadh sé dhá cholm nó dhá ghearrcach colúir chun an tsagairt ag doras Bhoth na Teagmhála.

11. Ofráladh an sagart ceann díobh mar íobairt pheaca agus an ceann eile mar íobairt loiscthe, agus comhlíonadh sé ansin gnás an leorghnímh ar son na truaillitheachta a luigh air de bharr an chorpáin. Déanadh sé a cheann a choisreacan an lá céanna;

12. agus déanadh sé é féin a choisreacan don Tiarna i gcaitheamh a naizíreachta ar fad, agus tugadh sé uan fireann bliana mar íobairt leorghnímh. Ní chuirfear an t‑am caite cheana san áireamh, mar gur truaillíodh a naizíreacht.

13. Seo é an gnás atá le leanúint ag naizíreach nuair a bheidh tréimhse a naizíreachta comhlíonta. Tugtar é go doras Bhoth na Teagmhála

14. agus déanadh sé a ofráil don Tiarna: mar íobairt loiscthe uan fireann bliana gan mháchail; mar íobairt chomaoineach, reithe gan mháchail,

15. agus cliabh de bhuilíní slimaráin de phlúr mín fuinte le hola agus de chácaí gan ghabháile le hola leata orthu, mar aon leis na habhlanna agus na híobairtí doirte a ghabhann leo.

16. Cuireadh an sagart na nithe sin i láthair an Tiarna agus ofráladh sé an íobairt pheaca agus an íobairt loiscthe dó.

17. Ofráladh an naizíreach an íobairt chomaoineach leis an reithe agus leis an slimarán sa chliabh, agus ofráladh an sagart an abhlann agus an íobairt dhoirte mar an gcéanna.

18. Ansin bearradh an naizíreach a cheann coisricthe ag doras Bhoth na Teagmhála, agus tógadh sé gruaig a chinn choisricthe agus leagadh í ar an tine atá faoin íobairt chomaoineach.

19. Ansin tógadh an sagart slinneán an reithe, nuair a bhíonn sé bruite, agus builín slimaráin ón gcliabh, agus cáca gan ghabháile, agus leagadh sé ar lámha an naizírigh iad tar éis dó a ghruaig choisricthe a bhearradh.

20. Déanadh sé an chuid sin a ofráil don Tiarna mar dhleacht ar leith; is cuid naofa don sagart í, mar aon leis an mbrollach a ofráladh agus leis an gceathrú a cuireadh i leataobh. Ní miste don naizíreach fíon a ól ina dhiaidh sin.

21. Sin é an gnás don naizíreach a thug móid. Má mhóidigh sé, seachas [a cheann gruaige], ofráil phearsanta don Tiarna - seachas cibé rud eile a bheadh ar a acmhainn - ní foláir dó an mhóid a thug sé a chomhlíonadh de bhreis ar cibé rud a éilíonn an gnás ar son a ghruaige.”

An Bheannacht

22. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

23. “Abair le hÁrón agus lena chlann mhac: ‘Seo mar a bheannóidh sibh clann Iosrael. Abraigí leo:

24. Go mbeannaí an Tiarna thú agus go gcumhdaí sé thú.

25. Go dtaitní gnúis an Tiarna ort agus go raibh sé caoin leat.

26. Go nochta an Tiarna a ghnúis duit agus go dtuga sé síocháin duit.’

27. Sin mar atá m'ainm le gairm ar chlann Iosrael acu, agus cuirfidh mé mo bheannacht orthu.”