Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31
  32. 32
  33. 33
  34. 34
  35. 35
  36. 36

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Uimhreacha 15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Abhlann leis an Íobairt

1. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2. “Abair é seo le clann Iosrael: ‘Nuair a shroichfidh sibh an tír mar a bhfuil sibh le cur fúibh, agus atá á thabhairt agam daoibh,

3. agus go ndéanann sibh, mar chumhracht a thaitneoidh leis an Tiarna de rogha an tréada nó na tána, ofráil dhóite don Tiarna mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é, nó mar ofráil dheonach, nó ar ócáid féile sollúnta de bhur gcuid,

4. ní foláir don ofrálaí, mar bhronntanas uaidh féin don Tiarna, a bhreith leis mar abhlann, deachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín ola;

5. agus ní foláir duit íobairt dhoirte fíona a dhéanamh, ceathrú hín do gach uan, chomh maith leis an uileloisctheach nó an íobairt.

6. I gcás reithe, ní foláir duit dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le trian hín ola a bheith agat mar abhlann,

7. agus íobairt dhoirte de thrian hín fíona, le bheith ina bholadh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.

8. Sa chás gur tarbh a bhíonn á ofráil agat mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é nó mar íobairt chomaoineach don Tiarna,

9. ní foláir, chomh maith leis an tarbh, trí dheachú éafá de phlúr mín measctha le leath hín ola a ofráil mar abhlann,

10. agus ní foláir duit leath hín fíona a ofráil mar íobairt dhoirte, íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna.

11. Ní foláir déanamh mar sin le gach tarbh nó reithe, le gach uan nó meannán fireann.

12. Cibé líon íobarthach a bhíonn agaibh le híobairt, déanaigí mar sin le gach ceann díobh cibé a líon.

13. Déantar mar sin ag gach dúchasach nuair a dhéanann sé íobairt dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.

14. Aon duine deoranta a bhíonn ag cur faoi in bhur measc, nó i measc bhur sleachta, más áil leis íobairt dhóite a dhéanamh, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, déanadh sé mar a dhéanann sibhse; déanadh

15. an comhthionól amhlaidh chomh maith. Ní bheidh ach an t‑aon reacht amháin daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc. Reacht síoraí é seo a cheanglóidh bhur sliocht i gcónaí: i láthair an Tiarna, is ionann tusa agus an coimthíoch;

16. ná bíodh ach an t‑aon reacht amháin, an t‑aon dlí amháin, daoibh féin agus don duine deoranta a chuireann faoi in bhur measc.’ ”

Céadtorthaí Aráin

17. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

18. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo:Nuair a rachaidh sibh isteach sa tír a bhfuilim do bhur dtabhairt ann,

19. ní foláir daoibh roinn a ofráil don Tiarna nuair bheidh arán na tíre á chaitheamh agaibh.

20. Cuirigí i leataobh bairín mar ofráil de chéadthoradh bhur dtaois; cuirigí i láthair é mar ofráil ó bhur n‑urlár buailte.

21. Ní foláir daoibh cuid de thús bhur dtaois a chur i leataobh don Tiarna; déantar amhlaidh ag sliocht bhur sleachta.

Leorghníomh

22. Má theipeann ort, trí neamhaire, maidir le haon cheann de na haitheanta a thug an Tiarna do Mhaois

23. (sé atá i gceist ná gach aon ordú riamh a leag an Tiarna oraibh trí Mhaois ón lá a thug sé a aitheanta daoibhse agus ar aghaidh go dtí bhur sliocht),

24. mar seo atá le déanamh: Más neamhaire an chomhthionóil uile a bhíonn i gceist, déanadh an comhthionól uile íobairt uileloiscthe de tharbh óg, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, mar aon lena abhlann agus lena íobairt dhoirte de réir gnáis; agus ofráiltear pocán gabhair mar íobairt pheaca.

25. Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh do chomhthionól uile chlann Iosrael, agus tabharfar maithiúnas dóibh, mar ba trí neamhaire é. Nuair a bhíonn a n‑ofráil tugtha acu mar íobairt dhóite don Tiarna, agus go mbíonn a n‑íobairt pheaca curtha i láthair an Tiarna acu chun leorghníomh a dhéanamh ar son a neamhaire,

26. tabharfar maithiúnas do chomhthionól chlann Iosrael ar fad, agus don choimhthíoch ag cur faoi ina measc, óir rinne an pobal go léir peaca trí neamhaire.

27. Más duine aonair a pheacaíonn trí neamhaire, ofráladh sé meannán baineann bliana mar íobairt pheaca.

28. Ní foláir don sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh i láthair an Tiarna don duine a chuaigh ar seachrán agus a pheacaigh trí neamhaire; nuair a bhíonn gnás an leorghnímh comhlíonta dó, maithfear dó,

29. cibé acu dúchasach, duine de chlann Iosrael é, nó deoraí ag cur faoi ina measc. Ná bíodh ach an t‑aon dlí amháin in bhur measc don té a pheacaíonn le neamhaire.

30. Ach an té a pheacaíonn d'aonghnó, más dúchasach, más coimhthíoch, tugann sé masla don Tiarna féin. Déantar an duine sin a ghearradh amach óna phobal;

31. tá briathar an Tiarna tarcaisnithe aige agus a aithne briste aige. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ar fad; leanann a pheaca sa mhullach air.”

An tSabóid

32. Fad a bhí clann Iosrael san fhásach, fuarthas fear ag bailiú brosna ar an tsabóid.

33. An dream a rug air ag bailiú brosna, thugadar leo é os comhair Mhaois agus Árón agus an chomhthionóil go léir.

34. Coimeádadh i ngéibheann é mar nach raibh sé socair fós cén pionós a bhí le cur air.

35. Dúirt an Tiarna le Maois: “Ní foláir an duine seo a chur chun báis; ní foláir don chomhthionól go léir gabháil de chlocha ann lasmuigh den champa.”

36. Rug an comhthionól go léir leo é lasmuigh den champa agus ghabhadar de chlocha ann go dtí go raibh sé marbh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Scothóga

37. Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

38. “Labhair le clann Iosrael agus abair leo scothóga a chur ar fháithimí a mbrat ó ghlúin go glúin, agus ribín corcra a chur ar an scothóg ag an bhfáithim.

39. Bíodh an scothóg agaibh dá bhrí sin le féachaint uirthi le haitheanta uile an Tiarna a chur i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad más ea agus ná leanaigí mianta bhur gcroí agus bhur súl a thuilleadh, óir sheoladar sibh ar bhealach an striapachais.

40. Cuirfidh an rud seo m'aitheanta go léir i gcuimhne daoibh; cuirigí i ngníomh iad agus bígí coisricthe do bhur nDia.

41. Mise an Tiarna, bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte d'fhonn go mbeinn mar Dhia agaibh; mise an Tiarna bhur nDia.”